Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire McHugh tionscnamh nua chun Gaeilge a theagasc trí ábhair eile, an Corpoideachas ina measc

Inniu, 23 Aibreán, d’fhógair an tAire Joe McHugh T.D. tionscnamh nua chun tacú le foghlaim na Gaeilge tríd an gCorpoideachas agus ábhair eile. Déanfar an tionscnamh píolótach trí bliana, ina mbainfear úsáid as cur chuige Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT), a fhorbairt i ndá thréimhse.

Beidh deis ag 22 scoil tosaitheora agus suíomh luathbhlianta páirt a ghlacadh ó Mheán Fómhair 2019 agus beidh an líon ag méadú de réir mar a bhíonn an tionscnamh ag gluaiseacht chun cinn. Dúirt an tAire McHugh:

Tá dualgas agus freagracht orainn iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a bheith ábhartha don chéad ghlúin eile.

Is dea-theist ar bheocht agus ar bheogacht teanga daoine óga a bheith ag sóisialú, ag spraoi agus ag súgradh sa teanga. Trí ghníomhaíochtaí mar seo is féidir linn tacú lenár ndaoine óga ceangal a bheith acu leis an teanga agus úinéireacht a ghlacadh uirthi. In eacnamaíocht dhomhanda iar-Bhreatimeachta, caithfimid a chinntiú go mbíonn daoine óga gafa ar bhealach a chothaíonn dátheangachas nó fiú ilteangachas, scil a thacóidh leis an bhforbairt eacnamaíochta sa todhchaí.

Tréimhse forbartha a bheidh sa chéad tréimhse den tionscnamh a tharlóidh le linn na scoilbhliana 2019/2020. Clúdóidh an tréimhse seo an dearadh ar chlár forbartha gairmiúil agus acmhainní do mhúinteoirí agus do chleachtóirí luathbhlianta. Tabharfar cuireadh do mhúinteoirí agus do chleachtóirí i raon suíomhanna a bheith páirteach. Beidh an-tacaíocht ar fad le fáil ag scoileanna tosaitheora agus ag réamhscoileanna a bhíonn páirteach ó oiliúnóirí múinteoirí, lena n-áirítear seirbhísí tacaíochta na Roinne.

Beidh na múinteoirí, na cleachtóirí agus na daltaí a bhíonn páirteach sa chéad tréimhse mar ambasadóirí do chur chuige FCÁT i leith foghlaim teanga de réir mar a ghluaiseann an tionscnamh chun cinn. Beidh beagnach gach réamhscoil, bunscoil agus iar-bhunscoil a bhíonn ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla agus a bhíonn páirteach sa tionscnamh ag obair go heisiach chun an nGaeilge a chothú trí achair churaclaim éagsúla a fhoghlaim trí mheán na Gaeilge. 

In iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge, déanfaidh an tionscnamh eispéaras foghlama trí mheán na Gaeilge a shaothrú chun cur leis an bhfoghlaim FCÁT sna Nuatheangacha Iasachta. Cuirfear leis seo de réir mar a bhíonn an tionscnamh ag leathnú. Cuirfear tús leis an dara tréimhse den tionscnamh in 2020/2021, agus beifear ábalta an tionscnamh a leathnú chuig líon breise scoileanna agus suíomhanna agus beidh níos mó múinteoirí agus cleachtóirí páirteach.

Dúirt an tAire McHugh:

Ní cóir dúinn stopadh ag an bpointe seo. Ba chóir go mbeadh sé mar sprioc againn rath a chur ar an gcur chuige nua seo agus breathnú air mar dheis iontach don leathnú chuig ábhair eile, cosúil le ceol, eolaíocht, ealaín nó matamaitic, i scoileanna.

Mholfainn do pháirtithe leasmhara freastal ar an seisiún eolais FCÁT a bheidh ar bun go luath agus tacú le múinteoirí agus le daoine óga páirt a ghlacadh sa tionscnamh ríthábhachtach agus nuálach seo.

Is cur chuige oideachasúil í FCÁT ina n-úsáidtear an sprioctheanga, (Gaeilge nó Nuatheanga Iasachta) chun ábhair eile a theagasc agus a fhoghlaim. Mar shampla, d’fhéadfaí an Corpoideachas a theagasc trí mheán na Gaeilge i scoil atá ag teagasc trí mheán an Bhéarla, nó trí Fhraincís i scoil atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge nó an Bhéarla. Cé nach ionann FCÁT agus tumoideachas, cruthaíonn sí solúbthacht agus deiseanna do chur chuige a bhíonn níos dírithe ar fhoghlaim agus ar theagasc na sprioctheanga.

Déanfaidh an Roinn seisiun eolais FCÁT a thionól sna seachtainí beaga atá romhainn chun cur síos a dhéanamh ar an tionscnamh agus ar na buntáistí a bhainfidh leis an rannpháirtíocht do pháirtithe leasmhara. Mar chuid den obair fhorbartha, tá grúpa stiúrtha nua bunaithe ag an Aire McHugh chun tionscnamh píolótach FCÁT don Ghaeilge a chur chun cinn mar atá sa Phlean Gníomhaíochta cúig-bliana don Ghaeilge 2018-2022 agus sa Straitéis Déanann Teangacha Nasc do na Nuatheangacha Iasachta.

Ar bhallraíocht an ghrúpa tá ionadaithe ó Choláiste Mhuire gan Smál/Ollscoil Luimnigh, Institiúid Theicneolaíochta Thrá Lí, OCBÁC, Ollscoil Mhaigh Nuad, An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG), Tionscnamh Teangacha Iar-Bhunscoile (PPLI) mar aon le hoifigigh na Roinne agus na Cigireachta. Beidh an tionscnamh píolótach ag obair le múinteoirí chun eiseamláirí/ábhair agus acmhainní cáilíocht-dhearbhaithe a fhorbairt agus lena dheimhniú go mbíonn sainfhorbairt ghairmiúil ann do mhúinteoirí.  Beidh an tionscnamh ag tógáil ar an bhfoghlaim agus ar na léargais a tháinig ón obair atá déanta cheana ag institiúidí agus ag an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí na Roinne.

Nótaí d’Eagarthóirí

Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha:

I measc na gcuspóirí oideachas-ábhartha atá luaite sa  Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030, agus sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 a bhaineann leis, tá tiomantas na Roinne iniúchadh a dhéanamh ar an gcur chuige Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) don pháirt-thumadh sa Ghaeilge i scoileanna agus i suíomhanna luathbhlianta.  Tá fáil ar thiomantas den chineál céanna sa Straitéis Déanann Teangacha Nasc do Theangacha Iasachta (2017-2026).

Cur chuige oideachasúil défhócasaithe í an FCÁT ina n-úsáidtear teanga eile chun teanga agus ábhar a fhoghlaim agus a mhúineadh.  Freastalaíonn cur chuige FCÁT ar an soláthar ar ghnéithe den churaclam trí theanga eile seachas meán teagaisc na scoile. Cé nach ionann FCÁT agus an tumoideachas, cruthaíonn sí solúbthacht agus deiseanna do chur chuige a bhíonn níos dírithe ar fhoghlaim agus ar theagasc na sprioctheanga:

  • méadaítear teagmháil teanga na bhfoghlaimeoirí le Gaeilge nó le teangacha eile trína húsáid don chumarsáid agus don teagaisc i bhfíor-chomhthéacsanna lasmuigh de na ranganna teanga scoite
  • tacaítear le forbairt inniúlachtaí ardoird cognaíocha agus cruthaitheacha an fhoghlaimeora
  • déantar deiseanna tumoideachais agus foghlaim ábhair in achair churaclaim eile a shaothrú agus a chomhtháthú chun úsáid na teanga acadúil a thacú
  • méadaítear stór teanga teagaisc múineoirí i dteangacha agus in ábhair eile
  • déantar buntáistí an dátheangachais agus an ilteangachais a leathnú agus a chothú.

Tá forbairtí suntasacha tarlaithe ar sholáthar churaclam na Gaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal ó foilsíodh Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030 an Rialtais.

  • Cothaíonn Curaclam Teanga na Bunscoile (2015) cur chuige comhtháite d’fhoghlaim an Bhéarla agus na Gaeilge.
  • Don chéad uair, i 2016, foilsíodh sonraíocht Ghaeilge ar leith don Ghaeilge in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus in iar-bhunscoileanna atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla.
  • Tá forbairtí tarlaithe freisin maidir le sonraíochtaí nua a sholáthar d’ábhair agus do ghearrchúrsaí sna Nuatheangacha Iasachta ag an Iar-Bhunleibhéal.