Foilsithe ar 

Foilsiú an Bhille um Chartlann Náisiúnta (Leasú) 2017 á fhógairt ag an Aire Humphreys

Tá an Bille um Chartlann Náisiúnta (Leasú) 2017 foilsithe ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, tar éis faomhadh ón Rialtas.Is é cuspóir an Bhille foráil a dhéanamh d’fheidhmiú céimnithe Riail 20 Bliain i dtaca le taifid rannacha a aistriú go dtí an Chartlann Náisiúnta.  Déantar é seo tríd an Acht um Chartlann Náisiúnta 1986 a leasú. Cuirfear an t-athrú i bhfeidhm ar bhonn céimnithe, ag tosú le Roinn an Taoisigh, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, agus Oifig an Ard-Aighne.Tá se mar aidhm ag an Aire an Bille a chur faoi bhráid na Dála go luath san fhómhar.

Ag labhair di inniu, dúirt an tAire Humphreys:“Tá lúcháir orm an Bille seo a fhoilsiú. Fágfaidh sé go mbeidh solúbthacht ag Ranna Rialtais tús a chur le taifid a aistriú go dtí an Chartlann Náisiúnta lena scaoileadh don phobal tar éis 20 bliain in áit 30 bliain, mar atá an scéal faoi láthair.“Thosaigh an Ríocht Aontaithe ar an gcéim seo in 2013, agus bhí imní orm, mura ndéanfadh ár Rialtas rud éigin, go bhféadfadh léargas neamhiomlán ar ár stair chomhroinnte a fhorbairt thar na blianta amach romhainn.“Is tasc suntasach é bogadh go córas 20 bliain, agus tá a fhios agam go mbeidh acmhainní breise de dhíth sa Chartlann Náisiúnta agus sna Ranna Rialtais araon, agus is mar gheall air sin atá cur chuige céimnithe á mholadh agam.“Is céim dhearfach é an reachtaíocht seo agus ciallóidh sé go mbeifear in ann taifid a bhfuil tábhacht stairiúil leo nó a bhfuil spéis ag an bpobal iontu a scaoileadh go luath agus ag an am céanna cinnte a dhéanamh go gcuirtear ár stair chomhroinnte leis an Ríocht Aontaithe i láthair go cothrom.  “Tá sé tábhachtach a nótáil freisin go bhfuil mo Roinn ag obair go dlúth leis an gCartlann Náisiúnta agus Oifig na nOibreacha Poiblí le dul chun cinn a bhaint amach ar an athfhorbairt atá á dhéanamh ar fhoirgneamh stórais na Cartlainne Náisiúnta, a bhfuil na milliún euro á gcaitheamh air, d’fhonn coinníollacha cuí stórais fadtéarmaigh a chur ar fáil do na taifid sin agus taifid eile a aistreofar go dtí an Chartlann Náisiúnta sna blianta atá amach romhainn.” 

Nóta do na hEagarthóirí

Faoin Acht um Chartlann Náisiúnta 1986, tá sé d’oibleagáid ar Ranna Rialtais, Oifigí Rialtais agus na Cúirteanna taifid atá níos mó ná 30 bliain d’aois, faoi réir dhíolúintí áirithe, a aistriú chuig an gCartlann Náisiúnta.Leis an mBille seo cuirtear cinneadh Rialtais i bhfeidhm maidir leis an teorainn ama d’aistriú taifead Rannach a laghdú ó 30 bliain go 20 bliain.Is é an comhthéacs leis an athrú reachtach seo gur thosaigh an RA ag bogadh ó riail 30 bliain go riail 20 bliain in 2013. Beidh an próiseas curtha i gcrích sa Ríocht Aontaithe faoi 2023. Cuirfear an t-athrú i bhfeidhm ar bhonn céimnithe, ag tosú leis na Ranna ag a bhfuil an gaol is dlúithe le cúrsaí Angla-Éireannacha; Roinn an Taoisigh, An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, agus Oifig an Ard-Aighne.Tá sé beartaithe an laghdú a leathnú le Ranna eile a chur san áireamh de réir mar a bheidh acmhainní ar fáil.Tá grúpa idir-rannach ag obair faoi láthair ar phlean forfheidhmithe, ag cur soláthar acmhainní agus saincheisteanna eile i gcuntas.  Tá siad sceidealaithe lena moltaí a chur faoi bhráid an Rialtais níos faide anonn i mbliana.Is féidir leat an Bille iomlán a fheiceáil anseo. I gcomhthráth, tá cinneadh déanta ag an Rialtas Plean Bainistithe Taifead a fhorbairt don earnáil phoiblí lena dtabharfar isteach bainistiú taifead níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla.