Foilsithe ar 

Forbairt Shuntasach ar an gCóras Pleanála Teanga GIS fógartha ag an Aire Stáit McHugh

D'fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne go bhfuil leagan nua den Chóras Faisnéise Geografaí (GIS) eisithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Is é seo an tríú heagrán den GIS agus, den chéad uair riamh, cuimsíonn sé na staidrimh ón Daonáireamh mar a bhaineann siad leis na ceantair pleanála teanga mar aonaid. Chomh maith leis sin, tá torthaí Dhaonáireamh 2016 curtha san áireamh.

Is amharcóir mapa é an GIS a chuireann eolas ar fáil, i gcomhar leis an bPríomh-Oifig Staidrimh, faoi úsáid na Gaeilge sna ceantair éagsúla a bhfuil baint acu leis an bpróiseas pleanála teanga. Roimhe seo, bhí an t-eolas a bhí ar fáil ar an GIS bunaithe ar Dhaonáirimh 2006 agus 2011 agus curtha i láthair ar bhonn toghranna. Leis an eagrán nua seo, tá eolas mar a bhaineann sé le Daonáireamh 2016 ar fáil agus é curtha i láthair ar bhonn Limistéar Pleanála Teanga, Baile Seirbhíse Gaeltachta nó Líonra Gaeilge.

“Is iontach go deo an áis é an GIS do lucht pleanála teanga agus go deimhin d’achan duine ar spéis leo staid na Gaeilge ar fud na tíre,” a dúirt an tAire Stáit McHugh agus é ag fógairt an tríú heagrán den GIS. “Ní hamháin go gcuideoidh an fhorbairt shuntasach atá déanta ar an chóras leis an dream a bheidh ag ullmhú agus ag cur i bhfeidhm pleananna teanga, ach is cinnte go mbeidh spéis ag an ghnáthphobal sa GIS mar a bhaineann sé lena gceantar féin. Tá an leagan is deireanaí seo breá fusa le húsáid agus an t-eolas mar a bhaineann sé leis an Ghaeilge curtha i láthair ar bhealach breá soiléir.”

Nóta d'Eagarthóirí: 


Is áis é an Córas Faisnéise Geografaí (GIS) ina gcuirtear eolas ar fáil, ag úsáid amharcóir mapa, maidir le húsáid na Gaeilge mar a bhaineann sé
· leis na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta;
· le bailte a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Ghaeltachta faoin bpróiseas pleanála teanga; agus
· le húsáid na Gaeilge sna Líonraí Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas.

San eagrán nua den amharcóir mapa, tá eolas curtha ar fáil - i gcomhar leis an bPríomh-Oifig Staidrimh - ar bhonn limistéar pleanála teanga Gaeltachta mar a bhaineann sé le torthaí Dhaonáirimh 2011 agus 2016 chomh maith le sonraí maidir le húsáid na Gaeilge sna bailte a d’fhéadfadh a bheith aitheanta faoin bpróiseas mar bhailte seirbhíse Gaeltachta, in éindí le sonraí faoi úsáid na Gaeilge sna Líonraí Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas.

Chomh maith le sonraí maidir le húsáid na Gaeilge sna ceantair seo, cuirtear eolas i láthair chomh maith, i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige faoi seach, maidir le suíomhanna agus rollú bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna i leith na scoilbhliana 2016/17, chomh maith le sonraí faoin earnáil luathoideachais sa Ghaeltacht.

Tá fáil ar an amharcóir mapa (GIS) ar shuíomh na Roinne ag: https://dahg.maps.arcgis.com/apps/webappviewer/index.html?id=7090794ee2ca4b53bb785b84c2bd9ad8