Foilsithe ar 

Fáilte á cur ag an Aire McHugh roimh chomhaontú na Comhairle Eorpaigh úsáid na Gaeilge in institiúidí an AE a mhéadú

Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., roimh chomhaontú an lae inniu ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh Rialachán a dhéanamh lena leagtar amach méadú incriminteach ar na catagóirí de reachtaíocht an AE atá le haistriú go Gaeilge agus leanúint lena gcur chuige réamhghníomhach i dtaobh eolas a chuirtear ar fáil i nGaeilge faoi ghníomhaíochtaí an AE a mhéadú.

 

Agus é ag cur fáilte roimh an gcomhaontú, dúirt an tAire McHugh:

 

“Tá sé iontach tábhachtach don Rialtas go mbeidh an Ghaeilge ina teanga iomlán oibre d'institiúidí an AE. Cé go bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil den Aontas Eorpach ó bhí 2007 ann, cuireann an Rialtas fáilte roimh an chur chuige a chomhaontaigh an Chomhairle inniu chun na catagóirí reachtaíochta atá le haistriú a mhéadú agus leanúint le méadú réamhghníomhach an eolais a chuirtear ar fáil i nGaeilge faoi ghníomhaíochtaí an AE.

 

Thar na cúig bliana amach romhainn, beidh an Rialtas ag obair go dlúth leis an Choimisiún Eorpach agus leis na hinstiúidí AE eile lena chinntiú go n-earcófar líon leordhóthanach pearsanra le Gaeilge agus go ndéanfar an próiseas a bhainistiú i dtreo chóras iomlán teanga a thabhairt isteach.”

 

Nótaí d’Eagarthóirí

De réir Bhunreacht na hÉireann, is í an Ghaeilge an teanga náisiúnta agus céad theanga oifigiúil an Stáit. Faoi théarmaí an mhaolaithe atá i bhfeidhm ó bhí 2007 ann, ní gá ach dlíthe an AE a dhéantar faoi nós imeachta na comhchinnteoireachta a aistriú go Gaeilge. 

 

Go dtí seo, bhí dúshláin ag baint le hearcú líon suntasach pearsanra le Gaeilge ag institiúidí an AE. Dá bhrí sin, measadh gur gá scóip an mhaolaithe a laghdú ar feadh tréimhse cúig bliana ón 1 Eanáir 2017, ag féachaint le deireadh a chur leis an maolú ón 1 Eanáir 2022.

 

Feictear go dtiocfaidh feabhas ar an scéal i dtaca le baill foirne le Gaeilge a earcú in institiúidí an AE mar gheall ar an gcur chuige nua atá i bhfeidhm ó bhí Fómhar 2015 ann i leith chúrsaí tríú leibhéal atá maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. 

 

Seo a leanas an clár ama do mhéadú céimnitheach na reachtaíochta atá le haistriú:

 

Achtanna

 

Dátaí

Treoracha glactha ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle

 

Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2017

Cinntí glactha ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle

 

Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2018

Treoracha glactha ag an gComhairle atá dírithe ar gach Ballstát

 

Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2020

Rialacháin glactha ag an gComhairle

Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2020

 

Cinntí glactha ag an gComhairle nach bhfuil sé sonraithe iontu cé air a bhfuil siad dírithe

Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2020

Rialacháin glactha ag an gCoimisiún

Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2021

 

Treoracha glactha ag an gCoimisiún atá dírithe ar gach Ballstát

 

Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2021

Cinntí glactha ag an gCoimisiún nach bhfuil sé sonraithe iontu cé air a bhfuil siad dírithe

 

Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2021