Foilsithe ar 

Is cúis áthais do John Halligan, an tAire Stáit um Oiliúint, Scileanna, Nuálaíocht agus Taighde agus Forbairt go ndearnadh dlí den Acht um Chóipcheart agus Forálacha Eile maidir le Maoin Intleachtúil, 2019 ar an 26 Meitheamh.

Is éard is cóipcheart ann cineál maoine intleachtúla a thugann cearta do chruthaitheoirí catagóirí áirithe saothair, amhail leabhair, ceol, scannáin, bogearraí agus craoltaí teilifíse.  Déanfaidh an tAcht um Chóipcheart agus Forálacha Eile maidir le Maoin Intleachtúil, 2019 reachtaíocht na hÉireann maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara a nuachóiriú, ag tabhairt cosaint níos fearr do shealbhóirí ceart agus ag an am céanna ag éascú rochtana ar ábhar cruthaitheach d'úsáideoirí agus don tsochaí i gcoitinne.

Leis na bearta atá san Acht, beidh sé níos éasca do chruthaitheoirí amhail ceoltóirí, údair, grianghrafadóirí, a gcuid saothair chruthaithigh a chosaint trí éilimh sáraithe ar luach níos ísle a thabhairt chuig na Cúirteanna Cuarda agus Dúiche.

Foráiltear san Acht freisin go dtabharfaí eisceacht isteach i ndlí na hÉireann maidir leis an Mianadóireacht Téacs agus Sonraí do thaighde neamhthráchtála  lena n-éascófar na teicnící tábhachtacha taighde seo a úsáid níos mó.  Beidh buntáistí suntasacha ag an eisceacht seo don phobal taighde agus sonraí á mbailiú agus á n-úsáid níos mó, torthaí arbh fhéidir a úsáid chun táirgí agus seirbhísí nua a fhorbairt a rachaidh chun tairbhe don fhostaíocht agus don gheilleagar i gcoitinne.

Dúirt an tAire Halligan an méid seo a leanas:

Mar Aire le freagracht as córas rialála na hÉireann um maoin intleachtúil, is cúis sásaimh dom na forálacha atá san Acht lena ndéantar foráil níos fearr don chóipcheart agus don chosaint eile ar mhaoin intleachtúil sa ré dhigiteach, treisiú ar ár n-iarrachtaí chun cruthaitheacht a chosaint agus lena ndéantar an nuálaíocht a chur chun cinn agus a éascú ag an am céanna.

Áirítear na forálacha tábhachtacha seo a leanas leis an Acht: 

  • Rochtain ar chóras na gCúirteanna a fheabhsú maidir le héilimh maoine intleachtúla, go háirithe chun éascú a dhéanamh ar chásanna sáraithe maoine intleachtúla ar luach níos ísle a thabhairt os comhair na gcúirteanna Dúiche agus Cuarda;
  • Leathnú ar na heisceachtaí cóipchirt atá ann cheana don oideachas, chun ligean do mhúinteoirí saothar a thaispeáint ar chlár bán chun pointe a léiriú, nó chun oideachas a sholáthar tríd an gcianfhoghlaim agus oideachas ar an idirlíon, i gcomhréir leis na hathruithe atá ag teacht ar an soláthar oideachais agus oiliúna in Éirinn;
  • Leathnú ar an eisceacht chóipchirt atá ann cheana do dhaoine faoi mhíchumas, chun éascú a dhéanamh ar rochtain a fháil ar shaothar do dhaoine faoi mhíchumas nó ar theicneolaíochtaí nua a úsáid chun oibreacha a oiriúnú do riachtanais daoine faoi mhíchumas;
  • Leathnú na bhforálacha taisce cóipchirt a bhaineann le leabhair chun éascú a dhéanamh ar Thaisce Dhigiteach a chruthú ar bhonn deonach;
  • Eisceacht a chruthú le go mbeifí in ann saothar scigléiriú, aoir agus scigaithris a dhéanamh;
  • Cur leis an gcoincheap maidir le déileáil go cothrom le saothar cóipchirt chun críocha tuairiscithe nuachta;
  • I dtaca le grianghraif, rinneadh sárú dlí de meiteashonraí a bhaineann leis na saothar grianghrafadóireachta a bhaint dó;
  • Cead a thabhairt do leabharlanna, do chartlanna agus d'institiúidí oideachais cóip a dhéanamh de shaothar ina mbailiúchán chun críocha caomhnaithe agus do chatalóga do thaispeántais etc.
  • an téarma cosanta do chóipcheart i ndearaí agus saothar ealaíne a leasú ó théarma 25 bliain go saol an chruthaitheora móide 70 bliain, chun go gcomhlíonfadh Éire a hoibleagáidí idirnáisiúnta;

Nasc chuig an Acht um Chóipcheart agus Forálacha Eile maidir le Maoin Intleachtúil, 2019 ar irishstatutebook.ie (níor foilsíodh an tAcht fós ar ISB)