Foilsithe ar 

Labhraíonn an tAire Humphreys le Fóram Forbartha Tuaithe an Chláir agus pléitear deiseanna do phobail tuaithe sa Phlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe

Labhair an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Déardaoin) le Fóram Forbartha Tuaithe an Chláir maidir leis na deiseanna atá ann do phobail tuaithe sa Chlár faoi Phlean Gníomhaíochta an Rialtais um Fhorbairt Tuaithe.

Chas an tAire Humphreys le POF Chomhairle Contae an Chláir, Pat Dowling, agus Stiúrthóir Forbartha Tuaithe agus Cheantar Bardasach Iarthair an Chláir (Ag Gníomhú), an tUas. Leonard Cleary. Chas sí freisin le príomhbhaill foirne de chuid na Comhairle, lena n-áirítear an Fhoireann Chultúir nuabhunaithe, an tOifigeach Leathanbhanda agus baill d’Fhóram Forbartha Tuaithe an Chláir. Sa Phlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, Fíorú ár nAcmhainneacht Tuaithe, tá líon áirithe spriocanna tábhachtacha, lena n-áirítear 135,000 post a chruthú taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath faoi 2020 agus borradh de 12% a chur faoin turasóireacht tuaithe.

Thug an tAire Humphreys cuairt freisin ar roinnt tionscadal forbartha rathúil san Fhiacail, Contae an Chláir, lena n-áirítear tionscnamh iompair phobail, áitreabh tréigthe a athchóiríodh mar fhiontar agus tionscadal digiteach áitiúil. Tá an tAire ag tabhairt cuairte ar phobail tuaithe ar fud na tíre mar chuid de shraith de rannpháirtíochtaí struchtúrtha i dtaca leis an bPlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.

Ag labhairt di i ndiaidh a cruinniú le Comhairle Contae an Chláir dúirt an tAire Humphreys:
“Bhí lúcháir orm an deis a fháil chun bualadh le Pat Dowling agus leis an bhfoireann i gComhairle Contae an Chláir agus, go deimhin, le baill Fhóram Forbartha Tuaithe an Chláir. Tá cur chuige nuálach á ghlacadh ag Contae an Chláir i leith fhorbairt na tuaithe, agus léirítear conas is féidir le pobail tuaithe oibriú lena chéile agus díriú ar a gcuid láidreachtaí agus deiseanna. Tá cuid mhór le moladh i gceantar tuaithe na hÉireann agus tá mé meáite air go gcuirfear feabhas, le Plean Gníomhaíochta an Rialtais um Fhorbairt Tuaithe, ar gach gné den saol i bpobail tuaithe.

“Tá lúcháir orm gur ceapadh Urban McMahon mar Oifigeach tiomnaithe Leathanbhanda an Chláir, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis as an obair atá ar bun aigesean agus ag a fhoireann chun ullmhú d’fheidhmiú céimneach an leathanbhanda ardluais sa Chláir - tá dul chun cinn déanta ar an obair sin cheana trínár wifi poiblí saor in aisce a chur ar fáil in Inis agus i mbailte eile sa chontae.

“Is iad na pobail tuaithe féin is fearr chun réitigh a fhorbairt ar na dúshláin atá le sárú acu agus tá sé sin le feiceáil go soiléir sa Chlár. Bhí an-áthas orm deis a fháil bualadh leo siúd atá ag obair ar an talamh anseo sa Chlár lena bpobail a chur ag bláthú dá n-aos óg, dá dteaghlaigh agus dá ngnóthais.

“In éineacht le hAmbasadóir Tuaithe an Rialtais, Pat Spillane, tá súil agam cuairt a thabhairt ar a mhéid ceantar tuaithe is féidir sna míonna atá amach romhainn, chun labhairt le hÚdaráis Áitiúla agus le páirtithe leasmhara eile faoinár gcur chuige comhordaithe i dtaca le ceantar tuaithe na hÉireann. Cé gur chas mé le Príomhfheidhmeannaigh na nÚdarás Áitiúil in éineacht roinnt uaireanta chun an Plean Gníomhaíochta a phlé, is fiú go mór dul amach ar an talamh agus bualadh leis na pobail áitiúla. Is cur chuige ó bhonn aníos atá á ghlacadh sa Phlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe. Is mian liom tacú le pobail tuaithe agus iad ag díriú ar a láidreachtaí, ag tógáil fiontair inbhunaithe agus ag baint an leas is mó is féidir as a n-acmhainneacht tuaithe.”


Nóta do na hEagarthóirí

Is ionann Fíorú ár nAcmhainneacht Tuaithe, Plean Gníomhaíochta an Rialtais um Fhorbairt Tuaithe, agus struchtúr uileghabhálach do chomhordú agus do chur i bhfeidhm tionscnamh ar fud an Rialtais a rachaidh chun tairbhe do cheantar tuaithe na hÉireann.

Tá níos mó ná 270 gníomh sa Phlean Gníomhaíochta atá le cur i bhfeidhm ag raon Ranna Rialtais, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile chun dul chun cinn a bhaint amach ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta cheantar tuaithe na hÉireann.

Tá an Plean Gníomhaíochta ar fáil ag www.ruralireland.ie