Foilsithe ar 

Leagfaidh an tAire Madigan fleasc ag searmanas i Sulchóid Bheag, i gcuimhne orthu siúd go léir a d’fhulaing agus a maraíodh i rith na Coimhlinte don Neamhspleáchas

Freastalóidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, T.D., inniu (Dé Domhnaigh, an 20 Eanáir) ar chomóradh speisialta faoi stiúir an phobail i Sulchóid Bheag, Contae Thiobraid Árann, chun comóradh céad bliain a dhéanamh ar Luíochán Shulchóid Bheag, a deir an móramh a bhí ar an gcéad ghníomh sa Choimhlint don Neamhspleáchas. Cuirfear tús leis an gclár comórtha le hAifreann Cuimhneacháin i Séipéal Shulchóide, a dhéanfaidh Ard-Easpag Chaisil agus Imligh, an tArd-Easpag Kieran O’Reilly, a cheiliúradh. Leagfaidh an tAire Madigan fleasc ansin thar ceann an Rialtais ag láthair Chuimhneacháin Luíochán Shulchóid Bheag, i gcuimhne orthu siúd go léir a d’fhulaing agus a maraíodh i rith na Coimhlinte don Neamhspleáchas.
Dúirt an tAire Madigan: “Tá sé an-oiriúnach go ndéantar cuimhneachán ar thábhacht an mhéid a tharla i Sulchóid Bheag céad bliain ó shin le comóradh faoi stiúir an phobail a léiríonn meas, le tacaíocht ó Chomhairle Contae Thiobraid Árann agus an Stát. Molaim iarrachtaí agus tiomantas Choiste Cuimhneacháin Céad Bliain Pharóiste Sulchóid Bheag agus an tríú Coiste Cuimhneacháin Shean-IRA Bhriogáid Thiobraid Árann a chinntigh go bhfuil searmanas an lae inniu dílis, cuí, cuimsitheach agus bríoch. Ní hamhras ar bith go gcabhróidh an cur chuige dea-chroíoch agus íogair seo chun cuimhneamh a dhéanamh ar na himeachtaí a thit amach anseo céad bliain ó shin le machnamh aibí agus tuisceanach a dhéanamh ar a dtábhacht agus leagáid. Ar cheann de na rudaí is tábhachtaí a foghlaimíodh ó Dheich mBliana na gCuimhneachán ná ollchumas na bpobal áitiúil chun slógadh a dhéanamh do leas an mhóraimh, nuair a chuirtear na struchtúir agus tacaíochtaí cearta i bhfeidhm chun cabhrú leo.
“Trí thabhairt faoi leagáidí chasta na haimsire a d’imigh thart le tuiscint, ionbhá agus flaithiúlacht mheanma, agus trína aithint agus trí chuimhneamh a dhéanamh ar na daoine go léir siúd a maraíodh i rith na tréimhse seo, tá cuimhní pianmhara tugtha chun solais againn arís, a chruthaíonn an fhéidearthacht chun ionbhá agus athmhuintearas cómhalartach a chothú. Ní héasca é seo a dhéanamh agus cuireann sé dúshlán romhainn ár gcroíthe agus ár n-aigní a oscailt dá chéile i meanma chóimheasa agus chineáltais.
“Agus an tréimhse seo inár stair á tabhairt chun cuimhne, aithnímid feachtas míleata na Coimhlinte don Neamhspleáchas, chomh maith leis na traidisiúin bhunreachtúla pharlaiminteacha agus na próisis dhaonlathacha atá mar bhonn agus taca le gach traidisiún ar an oileán seo. Déanfaimid ceiliúradh amárach ar chuimhneachán céad bliain ar Dháil Éireann a thionól den chéad uair agus meabhraítear dúinn gur eascair traidisiún parlaiminteach daonlathach as, ar deireadh thiar agus go bhfuil ceann de na daonlathais is sine san Eoraip inniu againn atá fós ag feidhmiú.