Foilsithe ar 

Léirbhreithniú déanta ag an Aire Stáit, an tUasal Paul Kehoe T.D., ar Thrúpaí na hÉireann atá ag dul chun na Liobáine Cill Chainnigh

Inniu, rinne an tAire Stáit sa Roinn Cosanta, an tUasal Paul Kehoe T.D. léirbhreithniú ar chomhaltaí den 53ú Grúpa Coisithe a rachaidh chun seirbhíse le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL) níos déanaí an mhí seo.

Dúirt an tAire le linn an léirbhreithnithe, “Tá Éire ag cabhrú le UNIFIL ó bunaíodh an misean i 1978 agus is léiriú é ár rannpháirtíocht sa mhisean seo ar an tacaíocht láidir a thugaimid do ról na Náisiún Aontaithe.”
Labhair an tAire Kehoe go díreach leis na trúpaí, "Táim cinnte go ndéanfaidh sibh go léir bhur ndícheall cáil na hÉireann a chothabháil thar lear agus cur leis an dea-chlú atá ar Éirinn ar fud na cruinne.” 
Dúirt an tAire freisin “Molaim gach duine agaibh as an gcinneadh seo atá déanta agaibh tabhairt faoin misean seo.    Tá sé den tábhacht a thabhairt ar aird nach bhféadfadh Éire cuidiú le hoibríochtaí síochánaíochta idirnáisiúnta a oiread is a chuidíonn gan tiomantas leanúnach phearsanra Óglaigh na hÉireann seirbhís a dhéanamh thar lear i gcúinsí a bhíonn deacair agus dainséarach go minic.” 
 Ar deireadh, ghuigh an tAire Kehoe misean slán agus rathúil ar chomhaltaí an 53ú Grúpa Coisithe, faoi cheannas an Leifteanant-Chornail Stephen Ryan.
 CRÍOCH


Nóta don Eagarthóir:
Tá baint ag Éirinn le UNIFIL ó bunaíodh é i 1978.  Tarraingíodh príomh-chathlán Óglaigh na hÉireann amach as an Liobáin in 2001, i ndiaidh 23 bliana seirbhíse le UNIFIL.  Rinne Éire díorma a imscaradh arís chun na Liobáine in 2006 ar feadh tréimhse 12 mhí i dteannta cuideachta Innealtóireachta as an bhFionlainn, tráth ar threisigh comhraic ansin agus ar cuireadh méadú mór ar Fhórsa UNIFIL faoi shainordú NA.  D'fhill Cathlán as Éirinn ar an Liobáin i samhradh 2011.  Glacfaidh an 53ú Grúpa Coisithe áit an 51ú Grúpa Coisithe a imscaradh chun na Liobáine i mí na Samhna 2015.