Foilsithe ar 

Léiríonn an tAire Humphreys go bhfuil sé i gceist dáta seasta a shocrú do Chuimheachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir

Chuir an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, in iúl inniu (Dé Máirt) go bhfuil sé i gceist aici dáta seasta a shocrú do Chuimhneachán bliantúil an Ghorta Mhóir. Tá an Bille um Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir, tugtha i láthair ag an Teachta Colm Brophy, le plé sa Dáil tráthnóna inniu.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Gach bliain ó bhí 2009 ann, rinne an Stát Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir a reáchtáil leis an tionchar millteach a bhí ag an nGorta Mór ar an tír seo a thabhairt i gcuimhne. D’fhéadfaí a rá gurb é an Gorta Mór an tubaiste is mó a bhuail an tír riamh, agus is ceart go ndéantar é a chomóradh le cuimhneachán sollúnta.

“Cé go ndearna Coiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir a dhícheall an searmanas a reáchtáil ar an dara Domhnach de Bhealtaine gach bliain, bhí solúbthacht áirithe ann i ndáil le dáta an chuimhneacháin. Athraítear láthair an chuimhneacháin gach bliain agus de ghnáth téitear i ndáil chomhairle le muintir na háite maidir le dátaí chun deis a thabhairt do na heagraitheoirí clár oiriúnach imeachtaí áitiúla a chur le chéile, imeachtaí a bhí ceangailte go minic le dátaí a raibh tábhacht áitiúil ag baint leo.

"Táim ag smaoineamh le míonna beaga anuas ar dháta seasta a shocrú don chuimhneachán bliantúil. Cé go dtuigim go mb’fhéidir go mbeadh dúshláin áirithe ag baint leis don phobal óstach gach bliain, creidim gur féidir na dúshláin sin a shárú.

“Trí dháta seasta a shocrú do Chuimhneachán an Ghorta Mhóir léireofar go bhfeictear don Stát gur cuimhneachán an-tábhachtach é, do mhuintir na hÉireann agus don Diaspóra, le machnamh a dhéanamh ar an tréimhse uafásach sin dár stair agus leis an tionchar millteanach a bhí aige ar an oileán seo agus ar mhuintir na tíre a thabhairt i gcuimhne.

“Tá sé tábhachtach go roghnaítear a leithéid de dháta go cúramach. Mar sin, tá áthas orm tacú le léamh an Bhille ag an dara céim agus tá mé ag súil le bheith ag obair leis an Teachta Brophy le cinnte a dhéanamh go ndéanfar an obair riachtanach lena chinntiú go mbainfear amach na buntáistí a bhaineann le dáta seasta a shocrú sula mbogfar ar aghaidh leis an mBille.”