Foilsithe ar
Maoiniú ardaithe i leith Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta ar leith fógartha ag an Aire Stáit McHugh
Tá sé fógartha ag Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin go bhfuil allúntas breise ar fiú suas le €50,000 thar tréimhse 12 mhí á chur ar fáil faoin bpróiseas pleanála teanga i leith 5 limistéar faoi leith. Is de bharr dúshlán faoi leith atá bainteach leis na ceantair seo a tógadh an cinneadh seo. Is iad na ceantair atá i gceist ná:
- Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir
- Cois Fharraige
- Conamara Láir
- Ciarraí Thiar
Is sa bhreis ar an €100,000 a bheidh ar fáil do gach Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta a bhfuil plean teanga faofa ag an Aire Stáit faoin bpróiseas atá an t-allúntas breise thuasluaite á chur ar fáil. Is ar an mbunús go sásaíonn na limistéir thuas trí chinn den ceithre chritéar a leanas atá an t-allúntas breise á chur ar fáil:
- Achar an Limistéir Pleanála teanga a bheith os cionn 200km2
- Daonra an limistéir níos sine ná trí bliana d’aois os cionn 5,000 duine
- Líon cainteoirí laethúla Gaeilge an limistéir a bheith circa agus ós cionn 1,500 duine
- Céatadán do chainteoirí laethúla Gaeilge an limistéir a bheith circa agus os cionn 50% de dhaonra iomlán an limistéir
I bhfianaise go bhfuil dúshlán tíreolaíoch ar leith leis na trí oileáin Árann atá aitheanta mar limistéar pleanála teanga amháin, tá i gceist go dtiocfaidh an limistéar seo faoi scáth an tsocraithe seo chomh maith.
De thoradh an chúnaimh bhreise seo, cuirfear ar chumas na gceanneagraíochtaí – ag brath ar a gcuid mianta féin, suas le beirt a fhostú chun cabhrú le feidhmiú a gcuid pleananna.
Dúirt an tAire Stáit:
“Beidh an t-allúntas seo ina thacaíocht bhreise do na limistéir seo chun na dúshláin shainiúla faoi leith a bhaineann lena gceantair a cheansú. Tagann sé seo sa bhreis ar ndóigh ar an allúntas €100,000 a fógraíodh i mí Aibreáin seo caite a bheidh ar fáil do gach limistéar chun cuidiú le feidhmiú pleananna aontaithe. Nuair a chuirtear é seo uile san áireamh agus clár breise de bhearta eile a bhfuil bailchríoch á cur air faoi láthair chun tacú tuilleadh le feidhmiú rathúil an phróisis, táim sásta go mbeifear in ann bogadh ar aghaidh gan tuilleadh moille agus tús a chur leis an gcéim is tábhachtaí den phróiseas.”