Foilsithe ar 

Maoiniú do thionscnamh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann faoin Scéim nua Digitithe cultúir fógartha ag an Aire Humphreys

Tá sé fógartha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, go gcuirfear maoiniú ar fáil do thionscnamh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann Towards a Republic, faoin Scéim nua Digitithe cultúir.

Tá os cionn €2m ceadaithe ag an Aire don Scéim nua Digitithe cultúir, faoina maoineofar roinnt tionscnamh digitithe atá beartaithe ag Forais Náisiúnta Chultúir agus ag eagraíochtaí oidhreachta cultúir. Feidhmeoidh sé mar scéim phíolótach mar chuid den chlár Éire Ildánach.

Is é Towards a Republic an chéad mhórthionscnamh catalógaithe agus digitithe eile ag an Leabharlanna Náisiúnta, agus é ar an dara cuid de Dheich mBliana na gCuimhneachán ó 1917 go dtí 1923. Beidh digitiú á dhéanamh ar chuid de cháipéisí pearsanta na ndaoine a shínigh An Conradh mar chuid den ullmhúchán le comóradh a dhéanamh ar céad bliain ó bunaíodh an Stáit.

Beidh fáil ar líne ar na cáipéisí digitithe ar bhonn céimnithe idir 2018 agus 2023, agus poibleoidh an Leabharlann Náisiúnta gach príomhthráinse cáipéisí de réir mar a bheidh siad ar fáil ina stór digiteach. Beidh eolas sna cartlanna luachmhara seo faoi shaol sóisialta, cultúir agus polaitíochta na tréimhse, ag cur ar chumas gach duine eolas a bhailiú faoi thréimhsí tábhachtacha ar nós ceart vótála, Toghcháin 1918, An Chéad Dáil agus na Dálaí ina dhiaidh, An Chomhdháil Síochána, An Cogadh Angla-Éireannach, idirbheartaíochtaí an Chonartha, agus an Cogadh Cathartha.

Tugann cáipéisí pearsanta John Devoy, Arthur Griffith, Rosamund Jacob, Annie O'Farrelly, John Redmond agus muintir Sheehy Skeffington, agus daoine nach iad, léargas achrannach ar imeachtaí agus ar phearsantachtaí a mhúnlaigh an tréimhse réabhlóideach agus an Cogadh Cathartha a tharla ina dhiaidh sin. Tá léargas níos mó iontu ná eispéireas agus meon na ndaoine aonair iad féin trína gcomhfhreagras agus an idirghníomhaíocht a bhí acu le daoine agus le heagraíochtaí ilghnéitheacha agus freasúracha.


Inniu dúirt an tAire Humphreys:

"Tá mé an-sásta bheith in ann maoiniú a chur ar fáil do thionscnamh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann 'Towards a Republic', mar chuid de Scéim Digitithe cultúir níos leithne. Tá a fhios agam go bhfuil ráchairt ag an bpobal ar an ábhar seo, a léireoidh comhthéacs sóisialta, cultúir agus polaitíochta na tréimhse.


"Cuireadh béim ar thábhacht an digitithe le linn na bliana cuimhneacháin 2016, nuair a chuir roinnt dár bhForais Náisiúnta Cultúir na maoiseoga ábhair ar fáil ar líne den chéad uair. Cabhróidh an Scéim nua seo lenár bhForais Cultúir, i gcomhar le comhlachtaí oidhreachta cultúir eile, cur leis an obair seo agus a mbailiúcháin luachmhara agus ilchineálacha a dhigitiú ar mhaithe leis an bpobal"

Dúirt Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, an Dr Sandra Collins:

"Táimid fíor-shásta go mbeidh muid in ann na cáipéisí iontacha seo a roinnt ar líne, a bhuíochas sin do mhaoiniú speisialta ón Aire Humphreys. Beidh an chéad chéim eile de na Cuimhneacháin goilliúnach do mhuintir na hÉireann agus beidh an fháil fhorleathan atá ar na foinsí cartlainne thar a bheith tábhachtach agus treoróidh siad an díospóireacht agus an plé. Is í an Leabharlann Náisiúnta coimeádaí na gcuimhní náisiúnta agus pearsanta ar thréimhse chorraitheach inár stair agus táimid ag súil lena roinnt le cách."

Déanfaidh an tAire Humphreys a thuilleadh fógraí maidir le tionscnaimh atá ceadaithe faoin Scéim Digitithe cultúir sna seachtainí amach romhainn.