Foilsithe ar 

Obair ag tosú ar Ionad Cuimhneacháin 1916 Shráid an Mhúraigh - an tAire Humphreys

Tabharfaidh na foirgnimh athchóirithe ar ais go laethanta deireanacha Éirí Amach 1916 muid

Tá fógartha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., inniu (Dé Máirt) go bhfuil obair le tosú anois ar fhobairt Ionad Cuimhneacháin ag Uimhreacha 14-17 Sráid an Mhúraigh. Ba é Uimhir 16 Sráid an Mhúraigh an cheanncheathrú dheireanach a bhí ag Ceannairí Éirí Amach 1916 sular ghéill siad.

Tagann sé sna sála ar chinneadh an Rialtais níos luaithe i mbliana na foirgnimh i lár chathair Bhaile Átha Cliath a cheannach. Tá ceannach na bhfoirgneamh curtha i gcrích agus is féidir anois tús a chur leis an mórobair chaomhantais agus athchóirithe agus le forbairt an Ionaid Chuimhneacháin. Ainmníodh Uimhreacha 14-17 ina Séadchomhartha Náisiúnta in 2007.

Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá an-áthas orm go bhfuil an tionscadal seo ag bogadh ar aghaidh. Tá mórthábhacht speisialta stairiúil ag baint leis an Séadchomhartha Náisiúnta seo ag Uimhreacha 14-17 Sráid an Mhúraigh. Is gné ríthábhachtach de phleananna an Rialtais é an tionscadal seo mar chuid den chomóradh céad bliain 1916.

“Cuirfear tús anois leis an obair chun an Séadchomhartha Náisiúnta a chaomhnú agus a chosaint. Cuirfidh an obair leochaileach seo ar ár gcumas na foirgnimh a athchóiriú go mbeidh siad mar a bhí siad i 1916. Nuair a bheidh sé críochnaithe, beidh an tIonad Cuimhneacháin ina ionad ómóis go deo do Cheannairí 1916 agus beidh deis ag daoine dul siar ar bhóthar na staire agus cuairt a thabhairt ar na huaireanta cinniúnacha sin roimh an Éirí Amach.

“Táthar ag súil go mbeidh críoch á chur leis an tionscadal athchóirithe i mbliain an chomóraidh. Tuigim go mbeidh an-suim i Sráid an Mhúraigh an chéad bhliain eile agus, mar sin, tá sé beartaithe againn cead isteach a thabhairt chuig an suíomh i gcomhair ócáid chuimhneacháin in Aibreán 2016, le go mbeidh sé ag tarlú ag an am céanna le hÉire 2016, clár oifigiúil an Stáit chun comóradh a dhéanamh ar an Éirí Amach.

“Ní bheidh Ionad Cuimhneacháin Shráid an Mhúraigh ach cúpla nóiméad siúil ón mórionad nua do chuairteoirí atá á fhorbairt ag Ard-Oifig an Phoist. Cuirfidh sé go mór le mapa stairiúil Bhaile Átha Cliath agus meallfaidh sé mórán cuairteoirí.

“Aithníonn cinneadh an Rialtais na foirgnimh seo a cheannach agus a chaomhnú an tábhacht stairiúil a bhaineann le hUimhreacha 14-17 Sráid an Mhúraigh i stair na tíre seo agus cinntíonn sé go gcaomhnófar agus go gcosnófar todhchaí fhadtéarmach na bhfoirgneamh stairiúil seo.

“Tabharfaidh an obair chaomhantais amach gnéithe ailtireachta na tréimhse sin, chomh maith leis an mbealach a mhair daoine an t-am sin agus an lorg a d’fhág an éirí amach. Is é príomhfhócas na hoibre na foirgnimh a thabhairt ar ais mar a bhí siad le linn an Éirí Amach ionas go dtabharfaidh siad léargas dúinn ar an tréimhse sin dár stair.

“Tá mo Roinnse ag obair i gconaí i gcomhairle le muintir na ndaoine a raibh baint acu le 1916 ar ábhar an Ionaid Chuimhneacháin. Chas mé freisin le hionadaithe ó Lucht Trádála Shráid an Mhúraigh atá i bhfabhar na forbartha agus leanfaimid ag comhoibriú leo sin sna míonna atá amach romhainn.”