Foilsithe ar 

Olltoghchán – 26 Feabhra 2016

Rinne an tUas. Alan Kelly, T.D., Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ordú inniu (an 3 Feabhra 2016) chun an 26 Feabhra 2016 a cheapadh mar lá vótaíochta agus chun na huaire an chloig ó 7.00 am go 10.00 pm a shocrú mar uaire vótaíochta san Olltoghchán a dhéanfar de dhroim an fhorógra a eisíodh ar an 3 Feabhra 2016 chun Dáil Éireann a lánscor.

Chun seasamh i dtoghchán do Dháil Éireann, ní mór d’iarrthóir a bheith ina shaoránach d’Éirinn nó ina saoránach d’Éirinn agus a bheith 21 bhliain d’aois ar a laghad faoin lá vótaíochta. Féadfaidh duine é féin nó í féin a ainmniú mar iarrthóir nó féadfaidh duine atá cláraithe mar thoghthóir sa dáilcheantar lena mbaineann duine eile a ainmniú, ach toiliú a fháil ón duine eile sin. Ní mór d’iarrthóirí nach bhfuil deimhniú cleamhnachta polaitíochta (daingniú á rá gur iarrthóir de chuid páirtí polaitíochta atá cláraithe i gclár na bpáirtithe polaitíochta é/í an duine lena mbaineann) acu a n-ainmniúchán a chur i gcrích trí cheachtar de na roghanna seo a leanas a úsáid: ar mhodh aontuithe ó 30 aontaitheoir (toghthóirí cláraithe) sa dáilcheantar lena mbaineann, agus ní mór do na haontaitheoirí dearbhú reachtúil a chomhlánú ina leith sin, nó ar mhodh éarlais €500 atá le taisceadh leis an gceann comhairimh ag an iarrthóir nó ag duine éigin thar ceann an iarrthóra.

Is é an tráth deireanach chun ainmniúcháin a ghlacadh 12 meán lae ar an 11 Feabhra 2016. Féadfaidh iarrthóirí a n-ainmniúcháin a tharraingt siar suas go 12 meán lae ar an 12 Feabhra 2016.

Tá gach duine ar saoránach Éireannach nó saoránach Briotanach é nó í, agus a bhfuil a ainm nó a hainm ann i gClár na dToghthóirí, i dteideal vóta a chaitheamh san Olltoghchán. Tá os cionn 3.2 milliún toghthóir ann faoi láthair.

I gcás daoine atá cáilithe chun vóta a chaitheamh, ach nach bhfuil cláraithe mar thoghthóirí, tá am acu fós chun iarratas a dhéanamh ar chlárúchán san fhorlíonadh a ghabhann leis an gclár atá le foilsiú roimh an lá vótaíochta. Chun bheith cáilithe i gcomhair clárúcháin san fhorlíonadh, ní mór do dhuine a bheith 18 mbliana d’aois nó os a chionn ar an lá vótaíochta, nó roimhe, agus ní mór gnáthchónaí a bheith air/uirthi sa Stát. Chun ainm duine a chur á chlárú san fhorlíonadh a ghabhann leis an gclár, ní mór dó nó di an fhoirm iarratais iomchuí a chomhlánú, ar foirm í atá ar fáil lena híoslódáil ó www.checktheregister.ie nó atá ar fáil ó Chomhairlí Cathrach, Contae nó Cathrach agus Contae (na húdaráis chlárúcháin). Ní mór don údarás clárúcháin iomchuí don cheantar ina bhfuil cónaí ar an iarratasóir foirm iarratais a fháil tráth nach déanaí ná Dé Máirt, an 9 Feabhra 2016.

I gcás iarratais ar ainm a chur isteach san fhorlíonadh leis an gclár, ní mór don iarratasóir é a shíniú i láthair comhalta den Gharda Síochána i stáisiún áitiúil Garda Síochána an iarratasóra agus ní mór don chomhalta sin a bheith sásta maidir le céannacht an duine roimh an bhfoirm a shíniú, a dhátú agus a stampáil. Féadfaidh an comhalta den Gharda Síochána cárta aitheantais a bhfuil grianghraf air, nó cárta aitheantais de chineál eile, a iarraidh. Má shuíonn an t-iarratasóir nach féidir leis nó léi an t-iarratas a dhéanamh sa tslí sin, féadfaidh an t-iarratasóir an fhoirm a shíniú i láthair oifigigh de chuid an údaráis clárúcháin atá sásta maidir le céannacht an iarratasóra. Sa chás seo freisin, féadfar cárta aitheantais a bhfuil grianghraf air, nó cárta aitheantais de chineál eile, a iarraidh. Más rud é nach féidir leas a bhaint as ceachtar den dá rogha sin mar gheall ar thinneas fisiciúil nó ar mhíchumas fisiciúil, ní mór deimhniú dochtúra a chur ag gabháil leis an iarratas.

Más rud é go bhfuil duine i dteideal vóta a chaitheamh leis an bpost, nó nach bhfuil sé nó sí in ann vótáil i bpearsa mar gheall ar thinneas fisiciúil nó ar mhíchumas fisiciúil, agus go bhfuil cónaí air nó uirthi in ospidéal, i dteach banaltrais nó i bhforas den tsamhail chéanna, agus nach bhfuil sé nó sí cláraithe ar Liosta na bPostvótálaithe nó ar Liosta na Vótálaithe Speisialta, de réir mar is cuí, is féidir leis nó léi iarratas a dhéanamh chun a ainm/hainm a chur ar an bhforlíonadh leis sna liostaí sin. Caithfidh foirmeacha iarratais a bheith faighte ag an údarás clárúcháin don limistéar ina gcónaíonn an t-iarratasóir tráth nach déanaí ná Dé hAoine, an 5 Feabhra 2016. Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó Chomhairlí Cathrach, Contae nó Cathrach agus Contae agus déanfaidh na comhairlí sin na socruithe cuí maidir le comhlánú na bhfoirmeacha iomchuí a chur in iúl do dhaoine.

Déanfar an vótáil chun 157 gcomhalta (gan an Ceann Comhairle a áireamh) a thoghadh don 32ú Dáil a sheoladh sa 40 dáilcheantar a shonraítear san Acht Toghcháin (Leasú) (Dáilcheantair) 2013.

Thapaigh an tAire an deis chun spreagadh a thabhairt do Chinn Chomhairimh breithniú a dhéanamh, tráth déanta na socruithe do sheoladh na vótaíochta, i dtaobh daoine dífhostaithe a fhostú ar an lá vótaíochta agus ag na comhairimh ina dhiaidh sin i ngach dáilcheantar.

“Cé gur léir go bhfuil seoladh éifeachtúil na vótaíochtaí agus an chomhairimh ag brath ar dhaoine atá sách oilte agus ag a bhfuil dóthain taithí a bheith ar fáil, iarraim ar gach Ceann Comhairimh breithniú a dhéanamh i dtaobh daoine oiriúnacha atá dífhostaithe a fhostú”, arsa an tAire.

Tá tuilleadh eolais maidir le cúrsaí toghcháin ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag http://www.environ.ie/en/LocalGovernment/Voting/