Foilsithe ar 

Ómós á chur in iúl ag an Aire Humphreys do James Osborne

Deir an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, gur cúis mhór bhróin di a chloisteáil faoi bhás an Uasail James Osborne, Cathaoirleach Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann. Bhí an tUasal Osborne ina Stiúrthóir ar an Iontaobhas ó bunaíodh é in 2006 agus tá sé ina Chathaoirleach air ó mhí na Samhna 2012.

Ag labhairt di níos luaithe inniu, chuir an tAire a comhbhrón in iúl do theaghlach an Uasail Osborne agus ghabh sí buíochas as a dhúthracht agus a dhíograis d’earnáil na hoidhreachta i gcaitheamh na mblianta.

“Bhí tréimhse James mar Chathaoirleach ar Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann an-rathúil. Faoina cheannaireacht, tá curtha go mór ag an Iontaobhas le caomhnú cuid de na foirgnimh oidhreachta is tábhachtaí dá bhfuil againn - ar nós Teach agus Gairdíní Fota agus Eispéireas Tionóntáin Bhaile Átha Cliath, tionscnaimh nua ag Páirc Bhéal na mBuillí agus an t-achnuachan atá beartaithe ag Caisleán, Eastát agus Gairdíní Bhaile Sheáin - agus an sásamh a bhaintear as na foirgnimh sin.

“Is suntasach an oidhreacht i réimse na hoidhreachta atá fágtha ag James agus is mór an chailliúint é. Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl do theaghlach agus do chairde James ag an am uaigneach seo.”