Foilsithe ar 

Os cionn €450,000 ceadaithe chun Oibreacha Caipitil a dhéanamh ar Oileáin Dhún na nGall

Tá curtha in iúl ag an Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €450,750 ceadaithe aige do Chomhairle Contae Dhún na nGall chun oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ar oileáin éagsúla sa chontae sin in 2017. Is iad na hoileáin atá i gceist ná Árainn Mhór, Toraigh agus Oileán an Bhráighe. Beidh an Comhairle Contae ag cur cómhaoinithe ar fáil.
Is athchóiriú bóithre an obair fheabhsúcháin atá beartaithe ar Árainn Mhór agus Toraigh mar aon le pointeáil ar chabhsa Oileán an Bhráighe. Tá liosta iomlán de na hoibreacha ar fáil ón Roinn.
Dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh sé sásta bheith ábalta an fógra seo a dhéanamh anois.
“Cuideoidh an cúnamh airgid atá mo Roinn ag cur ar fáil do Chomhairle Contae Dhún na nGall le go mbeifear ábalta feabhas a chur ar infreastruchtúr oileáin Dhún na nGall agus léiríonn sé arís go bhfuil mo Roinn tiomanta do thacú leis na hoileáin amach ón chósta,” a dúirt an tAire Stáit.