Foilsithe ar 

Osclaíonn an tAire Madigan 14 Sráid Henrietta i mBaile Átha Cliath 1

Tá 14 Sráid Henrietta i lár na cathrach oscailte ag Josepha Madigan T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, an Comhairleoir Nial Ring, inniu. Tá tús á chur le ré nua i stair na sócmhainne tábhachtaí cultúir, sóisialta agus oidhreachta ailtireachta seo agus í nach mór 270 bliain ar an bhfód. Tá na tithe ó thús go lár an 18ú hAois a bhfuil an chaoi is fearr orthu le fáil ar Shráid Henrietta i lár na cathrach thuaidh i mBaile Atha Cliath. Tugtar léargas in 14 Sráid Henrietta ar stair an tí, an t-athrú a tháinig air ó theach cathrach Seoirseach go tionóntáin, agus ar shaol na ndaoine a raibh cónaí orthu ann, mar aon leis an gcaoi a ndeachaigh athruithe sóisialta i bhfeidhm orthu.
Táthar tar éis 10 mbliana a chaitheamh i mbun oibre chun athchóiriú a dhéanamh ar 14 Sráid Henrietta, chun é a chobhsú, a chaomhnú, a dhéanamh díonta ar an aimsir, agus oiriúnú a dhéanamh air. Cuireadh tús leis an obair mar thoradh ar Phlean Caomhantais Shráid Henrietta in 2006 inar leagadh príomhphointí polasaí amach chun dul i ngleic leis drochbhail a bhí ar uimhir 14 agus ar uimhir 13 béal dorais.


Tugtar léargas in 14 Sráid Henrietta, ar teach cathrach Seoirseach é, ar stair an fhoirgnimh, ar an rath agus an drochrath a bhí air, agus ar an athrú a tháinig air, ó áras teaghlaigh agus suíomh cumhachta go teach cúirte; ó dhún go halla tionóntán, an úsáid dheiridh ar baineadh as. Ó mhórtheach cathrach de chuid na huasaicme sna 1700idí chuig áitreabh a raibh an iliomad daoine ina gcónaí ann ar feadh céad bliain go dtí deireadh na 1970idí. Foigneamh is ea é inar chónaigh raibh teaghlach ceathrar duine, agus a gcuid seirbhíseach, in 1755 agus ina raibh nach mór 100 duine ó 17 dteaghlach ar leith ina gcónaí ann faoi aimsir an Daonáirimh in 1911.


Tugtar léargas ar chruachás na ndálaí maireachtála a bhí ag an dream deiridh curtha le hais shaol an chéad dreama sna turasanna a cuireadh le chéile do chuairteoirí chun ábhar macnaimh a thabhairt dóibh. Léiríonn na scéalta faoin teach agus faoin tsráid scéalta Bhaile Átha Cliath ina iomláine agus na saoránaigh a raibh cónaí orthu ann. Aithníonn an tAire Madigan an tábhacht a bhaineann le staidéar a dhéanamh ar na scéalta sin sa lá atá inniu ann chun tuiscint níos fearr a thabhairt dúinn maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag an tsochaí le céad bliain anuas, agus maidir leis na réimsí tábhachtacha a bhfuil dul chun cinn fós le déanamh iontu.


Dúirt an tAire Madigan:

Is cúis áthais don Rialtas a bheith bainteach leis an tionscadal iontach seo. Chuir mo Roinn maoiniú suntasach ar fáil chun tacú le tabhairt chun críche an tionscadail seo atá mar cheann de na Tionscadail Meabhrúcháin Bhuain mar chuid d'Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain. Tá sé tráthúil gur i mbliana, Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha, atá 14 Sráid Henrietta á oscailt don phobal. Is é téama an fheachtais seo ‘Déan Nasc’ agus éiríonn le 14 Sráid Henrietta nasc a dhéanamh idir chuairteoirí an lae inniu agus na daoine a raibh cónaí orthu i mBaile Átha Cliath blianta ó shin - ón ré Sheoirseach síos tríd sn tréimhse rídeacair, fhada inar chónaigh daoine i dtionóntáin. Creidim gur coimeádaithe na hoidhreachta iad na daoine agus na pobail, agus léirítear an méid seo leis na cuimhní oscailte a dtugtar léargas orthu i dtionscadal 14 Sráid Henrietta.


Is foirgneamh den scoth é 14 Sráid Henrietta. Is ionann turas a thabhairt timpeall ar an teach agus dul siar san am. Is iontach na mionsonraí atá i ngach gné den mhúsaem, idir an t-athchóiriú a rinneadh ar na príomhghnéithe ailtireachta agus na scannáin iontacha a theilgtear ar na ballaí. Níl amhras orm ná go mbeidh tábhacht ar leith ag an músaem seo i measc mhúsaeim eile na cathrach, ag tabhairt léargas ar scéalta ár gcathrach agus ár gcultúir. Is mian liom moladh a thabhairt do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus d’fhoireann na n-ailtirí, na dtógálaithe, na gcaomhnóirí agus na staraithe a d’oibrigh i gcomhar le chéile chun anam a chur sa teach seo agus sa tsráid stairiúil seo, ar sócmhainn thábhachtach sóisialta, cultúir agus oidhreachta ailtireachta iad do Bhaile Átha Cliath agus don náisiún i gcoitinne.