Foilsithe ar 

Osclaíonn an tAire Madigan comhdháil idirnáisiúnta seandálaíochta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath maidir le tionchar na réalteolaíochta ar dhearadh tuamaí réamhstairiúla

Osclóidh Josepha Madigan T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Pathways to the Cosmos, comhdháil aon lae maidir le hailíniú na dtuamaí meigiliteacha in Éirinn agus i gceantar Atlantaigh na hEorpa i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, Dé Satharn, an 15 Meán Fómhair.

D’eagraigh Archaeology Ireland an chomhdháil seo, an chéad chomhdháil dá leithéid in Éirinn, do Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta agus d’Oifig na nOibreacha Poiblí chun comóradh a dhéanamh ar Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha.

Beidh cainteoirí ó thíortha ar fud na hEorpa ag an gcomhdháil, ina ndéanfar plé ar an ról agus ar an gciall a bhain leis an ‘spéir dhorcha’ dár sinsir ón réamhstair. Le linn na tréimhse Neoilití agus na Cré-umhaoise, tógadh séadchomharthaí a raibh ailíniú sonrach réalteolaíoch acu, agus bhain deasghnáth agus siombalachas coiteann le hailíniú réalteolaíoch na séadchomharthaí sin. Ag Mórthuama Pasáiste Shí an Bhrú ag an Suíomh Oidhreachta Brú na Bóinne, téann gathanna ó éirí na gréine isteach tríd bosca a tógadh go speisialta chuige sin sa díon os cionn na slí isteach sa tuama ar ghrianstad an gheimhridh, agus soilsíonn na gathanna sin an seomra adhlactha ar feadh cúpla nóiméad i mí na Nollag gach bliain. Tá an feiniméan seo á cheiliúradh go fóill sa lá atá inniu ann agus bailíonn sluaite móra le chéile ag an tuama pasáiste gach bliain mar a dhéanaidís 5,000 bliain ó shin an tráth a tógadh an chéad uair riamh é. Ar fud an oileáin, tógadh séadchomharthaí eile a bhfuil ailíniú suntasach réalteolaíoch acu freisin, mar shampla, chun go mbuailfear le gathanna gréine iad ag éirí nó luí na gréine ag cónocht an earraigh nó an fhómhair agus ag grianstad an tsamhraidh. Forbraíodh téama na comhdhála mar fhreagairt ar spéis a bhfuil borradh faoi san oidhreacht seandálaíochta agus cuirtear béim ar leith ar thábhacht na hoidhreachta seandálaíochta do phobail áitiúla agus don earnáil turasóireachta cultúrtha atá ag méadú.

Ag labhairt di faoin chomhdhail, dúirt an tAire Madigan

“Is ábhar iontais dúinn an cumas innealtóireachta a bhí ag ár sinsir nuair a thóg siad na séadchomharthaí ársa seo. Is léir nach bhfuil a gcumhacht ná a bhfeidhm tar éis dul in éag mar go mbailíonn pobail le chéile ag na suíomhanna seo go fóill chun naisc ársa leis an nádúr, an bás agus an bheatha a cheiliúradh.”

Lean an tAire Stáit lena cuid cainte:

“Téann na naisc seo go bhfeidhm orainn go fóill sa lá atá inniu ann agus ar an obair atá ar bun againn chun a chinntiú go gcosnaítear ár n-oidhreacht seandálaíochta agus go mbeidh rochtain níos fearr ag pobail agus ag cuairteoirí amach anseo orthu.”