Foilsithe ar 

Osclaítear Mórthaispeántas Léiritheach ag Teach agus Gairdíní Chill Airne

D’oscail an tAire Stáit Brendan Griffin an Taispeántas Léiritheach i dTeach Chill Airne – Tairseach chun na Páirce Náisiúnta inniu. Leis an oscailt, tugtar chun críche an tionscadal do Theach, Tailte Áineasa agus Gairdíní Chill Airne a tosaíodh sa bhliain 2011.

D’fháiltigh Josepha Madigan, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, roimh an oscailt. Dúirt sí:

Is ar oscailt anois agus ag fónamh mar Ionad Cuairteoirí don Pháirc Náisiúnta atá Teach athchóirithe Chill Airne agus an t-ionad léiriúcháin, agus iad lonnaithe sa timpeallacht stairiúil álainn seo.  Beidh sé ina ní eile is díol spéise do chuairteoirí ar an gceantar.  Gheobhaidh cuairteoirí tuiscint ar an líon mór gnéithe den Pháirc Náisiúnta. D’fhéadfadh go gcinnfidís fiú fanacht níos faide a bheith acu i gCill Airne nó filleadh ar an mbaile, rud a rachaidh chun tairbhe don gheilleagar áitiúil agus don gheilleagar náisiúnta araon. Is é an toradh atá ar an tionscadal suaitheanta €10 milliún seo a raibh an Roinn seo i gceannas air ná gur soláthraíodh ní meallacach álainn den chéad scoth a chuirfidh go mór leis an bPáirc Náisiúnta is sine atá againn.  Beidh an taispeántas iontach seo ag Teach Chill Airne ina fhoinse oideachais, dúspéise agus aoibhnis do na daoine sna blianta móra atá le teacht.

Cineál ionduchtaithe do chuairteoirí laistigh den teach agus den pháirc is ea an Taispeántas.  Is é an aidhm atá leis eolas a thabhairt agus taiscéalaíocht agus rannpháirtíocht a spreagadh, agus nasc á chruthú aige idir oidhreacht inláimhsithe agus oidhreacht dholáimhsithe na Páirce.  Áirítear leis an taispeántas breis agus 300 saothar ealaíne grafaí agus 16 phíosa d’ábhar closamhairc, rud a chuimsíonn scannáin, meáin idirghníomhacha agus agallaimh le foireann na páirce.  Tá 450 ceann d’íomhánna agus de ghrianghraif ann. Sholáthair baill foirne sa tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra roinnt díobh. 

Dúirt an tAire Madigan ina dhiaidh sin:

Tá bronntanais don Stát ríthábhachtach ó thaobh chosaint ár n-oidhreachta cultúrtha de.  Ag teacht sna sála ar an bhflaithiúlacht iontach a thaispeáin muintir McShain, bhí an Roinn seo tiomanta d’iomláine agus carachtar Theach Chill Airne a choimeád agus a chaomhnú. Tá ríméad orm gur éirigh leis an Roinn seo, ag obair di i gcomhpháirt le Fáilte Éireann, ní atá chomh hoideachasúil agus chomh hálainn sin a sholáthar i gceann amháin dár bPáirceanna Náisiúnta.  Beidh an taispeántas ag Teach Chill Airne ina fhoinse oideachais, dúspéise agus aoibhnis do na daoine sna blianta móra atá le teacht.

Ag labhairt dó ag an oscailt, dúirt an tAire Stáit Brendan Griffin:

Is é atá in oscailt an taispeántais léirithigh seo i dTeach Chill Airne ná forbairt ríthábhachtach do Chill Airne agus do réigiún an iardheiscirt ina iomláine.  Tá an oscailt inniu ar an toradh atá ar an obair thiomnaithe atá á déanamh ag Fáilte Éireann agus ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra le roinnt mhaith blianta anuas. Is eiseamláir í den dóigh ar féidir an acmhainneacht atá ag sócmhainn Stáit a shaothrú ar mhaithe leis an gceantar áitiúil, le geilleagar an cheantair agus leis an turasóireacht go ginearálta.  Mar thoradh ar oscailt an taispeántais léirithigh nua inniu agus ar an athchóiriú a rinneadh roimhe seo ar na gairdíní agus ar na seomraí foirmiúla, is curtha i gcrích anois atá athfhorbairt Theach Chill Airne.  Táim cinnte go ndaingneoidh sé an clú atá air mar ní uathúil íocónach is díol spéise do chuairteoirí, agus spreagadh níos mó fós agus níos mó cúiseanna fós á dtabhairt aige do chuairteoirí le fanacht sa réigiún ar feadh tréimhse níos faide.  Go deimhin, is amhlaidh go dtabharfaidh Teach Chill Airne rochtain éasca agus é mar thairseach chun na Páirce Náisiúnta. Ina theannta sin, cuirfidh sé feabhas ar an gclú atá ar Chill Airne mar cheantar áilleachta nádúrtha nach bhfuil a shárú le fáil agus mar cheann scríbe nach mór cuairt a thabhairt air.

Dúirt Orla Carroll, Stiúrthóir Forbartha Straitéisí ag Fáilte Éireann:

Cur i gcrích athfhorbairt Theach Chill Airne is ea oscailt oifigiúil an Taispeántais Léirithigh. Ag obair dúinn i ndlúthchomhar leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, chuir Fáilte Éireann cistiú ab fhiú €5.2 milliún ar fáil le haghaidh na n-oibreacha. Rinneamar amhlaidh mar chuid den straitéis atá againn a chinntiú go dtugann ár nithe is díol spéise do chuairteoirí spreagadh do chuairteoirí teacht ar ais trí eispéiris atá uathúil, speisialta agus dodhearmadta a thabhairt dóibh. Is amhlaidh anois go bhfuil ag an iardheisceart ní íocónach is díol spéise do chuairteoirí. Spreagfaidh sé cuairteoirí fanacht ar feadh tréimhsí níos faide ar fud na bliana agus cuirfidh sé borradh faoi ioncam an tionscail áitiúil turasóireachta.

Nótaí d’Eagarthóirí:

Téamaí an Taispeántais

Is féidir na topaicí agus na téamaí seo a leanas de chuid an taispeántais a iniúchadh trí phainéil teachtaireachta, trí scannán agus agallaimh agus trí raon fíorspéisiúil iontach meán idirghníomhach.

  •        Tírdhreach a múnlaíodh le hoighear
  •        Coillearnach Chill Airne
  •        Caomhantas i mbun gnímh
  •        Difear a dhéanamh
  •        Stair an Tí
  •        Áilleacht nó arracht? An róslabhras
  •        An Pháirc mar inspioráid
  •        Easanna na Páirce Náisiúnta

Páirc Náisiúnta Chill Airne

Is i bPáirc Náisiúnta Chill Airne atá Páirc Chuimhneacháin Bourn Vincent, an chéad Pháirc Náisiúnta a bhí ag Éirinn riamh. Snoíodh an Pháirc Chuimhneacháin as Eastát Mhucrois, a deonaíodh don Stát sa bhliain 1932. Cuireadh Eastát Neidín leis an bPáirc Náisiúnta tar éis don Stát tailte a fháil mar éadáil sna blianta 1979 agus 1986. Chruthaigh sé sin Páirc Náisiúnta Chill Airne, atá 10,289 heicteár ar fad agus a bhfuil Lochanna Chill Airne ar áireamh leo. Chomh maith leis sin, is sa Pháirc Náisiúnta atá an limistéar is mó de na coillte darach atá ann fós in Éirinn. Mar thoradh ar chomhcheangal saintréitheach na sléibhte, na lochanna, na gcoillte agus na n-easanna atá ann faoi na spéartha síorathraitheacha, is ceantar áilleachta speisialta radhairc é.  Meastar go dtugann breis agus 1 mhilliún duine cuairt ar Pháirc Náisiúnta Chill Airne gach bliain.  Tá láithreáin thábhachtacha oidhreachta cultúrtha amhail Teach Mhucrois, Mainistir Mhucrois agus Caisleán an Rois le fáil sa Pháirc.  Tréad fianna rua, an t-aon mhamach mór dúchasach amháin atá ann in Éirinn fós, bíonn sé ag fánaíocht timpeall ardtailte na páirce.  Is é an Pháirc an croí-limistéar de Bhithsféar Chiarraí de chuid UNESCO, rud a leathnaíodh agus a athainmníodh le déanaí.

Teach Chill Airne

Fuair an Stát Teach Chill Airne mar éadáil sa bhliain 1998.  Tá sé ina réadmhaoin lena mbaineann mórthábhacht ailtireachta agus staire.  Dearadh an fhorbairt agus an t-athchóiriú chun Teach agus Gairdíní Chill Airne a bhunú mar ionad léiritheach tairsí do Pháirc Náisiúnta Chill Airne, áit a dtarraingítear aird ar an áilleacht nádúrtha atá le fáil sa Pháirc.  Tá ionad cuairteoirí ag Teach Chill Airne é féin agus tugadh 3 sheomra fhoirmiúla ar ais go cúramach ina sea chun stair shaibhir an tí agus na ndaoine a chónaigh ann a léiriú.  Is é atá sna seomraí ná troscán seanda, ar le hIarlaí Neidín roinnt díobh, pictiúir bhunaidh agus crainn solais a bhí ar crochadh sa Teach nuair a chónaigh na húinéirí roimhe ann.  Osclaíodh na seomraí stairiúla go hoifigiúil i mí Iúil 2017.  Agus ardmholadh á thabhairt dóibh, osclaíodh Gairdíní athchóirithe Theach Chill Airne i mí Lúnasa 2016. Ba é Bright 3D a dhear an taispeántas seo, agus chuir Marcon Ltd an obair léiriúcháin agus feistithe i gcrích.