Foilsithe ar 

Phil Hogan ainmnithe mar Choimisinéir Eorpach don dara téarma

Eisithe ag Preasoifig an Rialtais

Tá sé deimhnithe ag an Taoiseach, Leo Varadkar TD, go bhfuil sé i gceist aige Phil Hogan a ainmniú mar chomhalta na hÉireann den Choimisiún Eorpach don dara téarma.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Taoiseach inniu:

Le 5 bliain anuas, tá obair mhór déanta ag an gCoimisinéir Hogan mar Choimisinéir Eorpach um Thalmhaíocht agus Forbairt Tuaithe. Tá aird tarraingthe aige ar leasanna agus ar ábhair imní na hearnála talmhaíochta ar fud na hEorpa.
Tá cáil mhór ar Phil sa Bhruiséil agus ar fud an AE mar idirbheartaí oilte agus fear a thacaíonn le forbairt comhaontas. Bhí ról tábhachtach aige i ndáil le Brexit chomh maith, agus chinntigh sé go bhfuil tuiscint mhaith ag a chomhghleacaithe sa Choimisiún ar an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag imeacht na Ríochta Aontaithe ar Éirinn agus ar Bhallstáit eile.
“Le roinnt míonna anuas, d’éirigh leis pacáiste cúnaimh a bhunú d’fheirmeoirí mairteola na hÉireann, mar aitheantas ar na dúshláin shuntasacha atá os comhair na hearnála mar gheall ar mhíshuaimhneas leanúnach margaidh a bhaineann le Brexit.
Is ionann a athainmniú agus an obair atá déanta aige go dtí seo a mholadh go hard, mar aon le fianaise ar an tábhacht a bhaineann lenár rannpháirtíocht le hinstitiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh. Tá sé riachtanach go mbeadh daoine oilte ag obair ar ár son san Eoraip. Leanfaidh an Rialtas ar aghaidh ag obair i ndlúthpháirt lenár gcomhghleacaithe san AE chun tacú leis an phunann is fearr agus is féidir leis a bhunú sa Choimisiún.