Foilsithe ar 

Plá na Cráifisce spréite go hAbhainn na Bearú agus impítear ar úsáideoirí uisce comhairle bhithshlándála a leanúint leis an ráig a chur faoi smacht

Tuairiscíodh go raibh líon mór cráifisce fionnuisce mairbh in Abhainn na Bearú sa stráice ó Cheatharlach go Gráig na Manach. Tá sé deimhnithe le hanailís DNA gurb é an chúis a bhí leis ná Plá na Cráifisce. Is é seo an cúigiú ráig den ghalar in Éirinn le dhá bhliain anuas. Tá an eagla ann, má spréann an galar tuilleadh, go mbeidh líon iomlán an speicis seo in Eirinn i mbaol.

 

Tá an scéal imníoch á fhiosrú ag Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Iascaigh Intíre Éireann (IIÉ) agus Foras na Mara.

 

Ní bhuaileann an slad ach an Chráifisc Liathdhonn; ní chuirtear isteach ar ainmhithe fionnuisce eile ná ar dhaoine. Is é atá feicthe in áiteanna eile gur ráta báis 100% atá ag an ngalar. Tá imní mhór ann, má shánn an galar é féin anseo, go maireofar na milliún cráifisc in aibhneacha agus locha na hÉireann i dtréimhse ghearr.

 

Tá na gníomhaireachtaí uile a bhfuil baint acu le bainistiú agus cosaint aibhneacha na hÉireann imníoch go bhfuil ráig eile aimsithe agus tá siad ag tabhairt comhairle agus treoir arís d’úsáideoirí uile na habhann a dtrealamh a ghlanadh agus a thriomú chomh luath is a fhágann siad an abhainn agus sula n-úsáidfear arís é. Tá sé sin tábhachtach ach go háirithe mar go bhfuiltear ar an eolas gur féidir orgánach Phlá na Cráifisce a iompar ar threalamh fliuch go láithreáin nua. Tá sé ríthábhachtach go gcoinnítear an ráig faoi smacht sa dóigh is nach spréitear é go líonta eile in Éirinn nach bhfuil buailte leis.

 

Tá fógra muirí eisithe ag Uiscebhealaí Éireann, a dhéanann bainistiú ar loingseoireacht na Bearú, ag impí ar gach úsáideoir uisce áineasa, tráchtála, poiblí agus príobháideach (bádóirí, siúlóirí, snámhaithe, cadhcóirí, iomróirí, oibrithe meaisín, etc.) cosc sealadach a chur i bhfeidhm maidir le trealamh spóirt uisce/slatiascaireachta a bhogadh a theagmhaíonn leis an uisce isteach sa Bhearú nó amach as agus gach dobharcheantar atá buailte leis.

 

Moltar d’aon duine a úsáideann an abhainn cloí leis an bprótacal Seiceáil, Glan agus Triomaigh. Ba cheart aon trealamh fliuch a sheiceáil le haghaidh aon síolta nó láib, plandaí nó ainmhithe. Is cóir é a ghlanadh agus a thriomú go hiomlán ansin. Ba chóir dífhabhtán nó uisce te (os cionn 60⁰C) a úsáid leis an trealamh uile a ghlanadh, agus tréimhse 24 huaire a fhágáil ina dhiaidh sin le haghaidh triomúcháin, agus é sin a dhéanamh mar ghnáthchleachtas i bhfionnuiscí. Tá an triomú tábhachtach ach go háirithe, lena n-áirítear aon uisce a bhaint amach as bád agus é a chur de láimh ar an bhféar. Is gá tréimhse triomúcháin de 24 huaire lena chinntiú go bhfuil bád glan ó orgánaigh ionfhabhtaíocha.

 

Iarrtar ar an bpobal freisin na húdaráis a chur ar an eolas maidir le haon bhásmhaireacht mhór den chráifisc nó má fheictear aon chráifisc neamhghnách a d’fhéadfadh bheith neamhdhúchasach (e.g. cráifisc le crúba dearga, méid mhór).

 

Tá an Chráifisc Liathdhonn faoi bhagairt ar fud an domhain agus tá ceann de na líonta is mó le fáil in Éirinn. Is é an t-aon speiceas fionnuisce cráifisce a fhaightear in Éirinn agus bíonn sé le fáil i locha, aibhneacha agus sruthanna ar fud an chuid is mó den oileán. Tá an speiceas scriosta ar fud a raon Eorpaigh ag tionchar Phlá na Cráifisce, a spréigh go dtí an Eoraip nuair a tugadh speiceas Mheiriceá Thuaidh na cráifisce isteach. Go dtí 2015, measadh go raibh Éire saor ón ngalar agus is í an t-aon tír Eorpach go fóill gan aon speiceas neamhdhúchasach cráifisce socraithe.

 

Tá cuid mhór speiceas cráifisce Mheiriceánach frithsheasmhach in aghaidh Phlá na Cráifisce, ach is féidir leo an galar a iompar, galar a maraíonn go han-tapa nuair a aistrítear chuig an gCráifisc Liathdhonn é. Mar gheall ar chomhiarmhairt na speiceas cráifisce a tugadh isteach (a d’fhéadfadh an bua a fháil ar an gcráifisc dhúchasach atá níos lú) agus Phlá na Cráifisce, tá deireadh curtha leis an gCráifisc Liathdhonn go hiomlán as cuid mhór dá raon Eorpach, agus tá Éire ar cheann de na háiteanna is mó a bhfuil fáil ar an speiceas. Tá an speiceas á chosaint faoi Dhlí na hÉireann agus an Treoir ón AE maidir le Gnáthóga. Tá sé neamhdhleathach aon speiceas neamhdhúchasach de chráifisc a chur i láithreáin fhionnuisce na hÉireann.

 

Má shocraíonn Plá na Cráifisce anseo is mór an dóchúlacht go gcuirfear deireadh leis an gCráifisc Liathdhonn ar an gcuid is mó den oileán. Ina theannta sin, má fhaightear amach go bhfuil cráifisceanna neamhdhúchasacha socraithe in Éirinn, d’fhéadfadh sé sin tionchar ollmhór a imirt ar ghnáthóga (e.g. bruacha canálacha agus aibhneacha  a dhíchobhsú trí thochailt) agus speicis fhionnuisce eile, ar nós iascaigh bradáin agus bric. Níl aon fhianaise ann go dtí seo, áfach, go bhfuil cráifisc neamhdhúchasach fhionnuisce le fáil in Éirinn.

Nótaí do na hEagarthóirí

 

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Brian Nelson (01 8883294; brian.nelson@chg.gov.ie) nó

Ciaran O’Keeffe (087 2646416) ciaran.okeeffe@chg.gov.ie)

 

Ba chóir d’aon duine a fheiceann aon chráifisc mharbh nó atá ag fáil bháis é sin a chur in iúl d’Fhoras na Mara (Deborah Cheslett Deborah.Cheslett@marine.ie) ar dtús nó don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (Brian Nelson nó an maoirseoir fiadhúlra áitiúil).

 

Iarrtar ar dhaoine a mheasann go bhfaca siad speiceas neamhdhúchasach den chráifisc grianghraf a thógáil de, ina léirítear íochtar na gcrúb, agus é a chur isteach tríd an leathanach gréasáin http://invasivespeciesireland.com/alien-watch/ nó go díreach chuig Colette Flynn (ríomhphost:

coflynn@biodiversityireland.ie) Phone: 051 306248

 

Tuilleadh eolais:

An Chráifisc Liathdhonn Austropotamobius pallipes. Tá sé seo le fáil ar fud na hÉireann, i gceantair aolchloiche go príomha. Bíonn cónaí air i raon leathan láithreán fionnuisce, ó shruthanna beaga bídeacha agus díoganna go locha beaga, meánmhéide agus móra. Is beathaitheoir ginearálta é an speiceas agus is creach de chuid an mhadra uisce é.

 

Is orgánach ar nós fungais é, Aphanomyces astaci, a tháinig ó Mheiriceá Thuaidh ach atá anois le fáil ar fud na hEorpa, is cúis le Plá na Cráifisce. De ghnáth, fásann orgánach Phlá na Cráifisce (go teicniúil, is Úimícéit é agus go minic tugtar caonach uisce air) ar bhlaosc sheachtrach na cráifisce agus bíonn imdhíonacht ag cráifisceanna Mheiriceá Thuaidh air, mar gur féidir leo cosc a chur ar aon ionfhabhtú fíocháin a gcoirp a bhaint amach. Nuair a ionfhabhtaíonn an caonach uisce an Chráifisc Liathdhonn agus cráifisceanna Eorpacha eile, áfach, spréann sé go sciobtha agus go marfach isteach i bhfíocháin an choirp. Éiríonn ainmhithe infhabhtaithe corraithe agus iompraíonn siad iad féin go mínormálta agus d’fhéadfadh siad mairstin roinnt seachtainí sula bhfaigheann siad bás.

 

Ó bhí 2015 ann dearbhaíodh cúig chás de Phlá na Cráifisce in Éirinn, a bhuail abhainn na Broscaí/na hÉirne i gCo. an Chabháin, an tSiúir i gContae Thiobraid Árann, an Daoil i gContae Luimnigh, an Lóthra i gContae Thiobraid Árann agus Abhainn na Bearú.

 

Is trí ghluaiseacht na cráifisce sceide nó cráifisc Mheiriceánach eile a aistríodh an galar den chuid is mó. Is féidir spóir a iompair, áfach, ar nithe a theagmhaigh le huisce éillithe, ar nós trealamh iascaireachta, rí-eangacha, buataisí ceathrún agus coisbhearta eile, agus gach cineál báid.

 

Cráifisceanna neamh-dhúchasacha. Is é seo aon speiceas nach bhfuil nádúrtha sa tír. Bogadh cuid mhór speiceas cráifisce laistigh den Eoraip agus isteach san Eoraip ó Mheiriceá Thuaidh agus ón Astráil. Is é an ceann is suntasaí díobh sin Cráifisc Sceide Mheiriceá Thuaidh Pacifastacus leniusculus, atá ar cheann de na hiompróirí is mó de Phlá na Cráifisce. Tá an speiceas sin i bhfad níos mó ná an Chráifisc Liathdhonn agus tá dath sainiúil dearg ar íochtar na gcrúb.

 

Tá eolas faoin gcráifisc dhúchasach agus neamhdhúchasach agus faoi phlá na cráifisce

ar fáil lena léamh agus lena phriontáil ar na leathanaigh gréasáin seo a leanas:

http://www.biodiversityireland.ie/crayfish-plaque-2017/

http://www.biodiversityireland.ie/wordpress/wp-content/uploads/Signal-Crayfish.pdf

http://www.npws.ie/sites/default/files/publications/pdf/Crayfish_leaflet.pdf

https://www.waterwaysireland.org/news-centre/marine-notices

Tá pictiúir den Chráifisc Liathdhonn agus den Chráifisc Sceide ar fáil ó Colette O'Flynn san

Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta

Tá eolas faoin bprótacal Seiceáil, Glan, Triomaigh ar fáil ar shuíomh gréasáin GB Non-native Species Secretariat, http://www.nonnativespecies.org/checkcleandry/