Foilsithe ar 

Plean Teanga Thuaisceart Dhún na nGall ceadaithe ag an Aire Stáit Seán Kyne faoin bpróiseas pleanála teanga

D'fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD, inniu go bhfuil plean teanga Thuaisceart Dhún na nGall, ceadaithe aige faoin bpróiseas pleanála teanga. D’fhógair sé chomh maith go mbeidh allúntas bliantúil suas le €100,000 á chur ar fáil faoin bpróiseas chun tacú le cur i bhfeidhm an phlean, lena n-áirítear Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú chun cabhrú le feidhmiú an phlean sa cheantar.

Dúirt an tAire Stáit:

Le ceadú phlean teanga Thuaisceart Dhún na nGall tá an séú plean déag ceadaithe faoin bpróiseas. Mar a rinne mé a thuairisciú ag an gcruinniú  Rialtais i nGleann Colm Cille an tseachtain seo caite, tá dul chun cinn suntasach déanta faoin bpróiseas ó cuireadh tús leis cúig bliana ó shin. Le ceapadh oifigigh pleanála teanga agus feidhmiú pleananna idir lámha anois is ea is mó atá pobal éagsúla na Gaeltachta agus an pobal trí chéile a fheiceáil go bhfuil an deis á tabhairt chun a bheith lárnach níos mó ná riamh ag múnla thodchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is ea is mó atá an pobal ag aithint chomh maith go bhfuil tacaíocht ón Stát ann don phróiseas pleanála teanga i gcaitheamh an ama. Ní gá a rá go bhfuilim féin agus mo chuid oifigigh agus oifigigh Údarás na Gaeltachta ag súil go mór le bheith ag leanúint orainn ag oibriú as láimh a chéile leis an gceanneagraíocht chun tacú le cur i bhfeidhm phlean teanga Thuaisceart Dhún na nGall sa tréimhse romhainn.

Nóta don eagarthóir

Tá 15 Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta eile ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga go dtí seo:

  • Cois Fharraige;
  • Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir;
  • Cloch Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach & Machaire Rabhartaigh;
  • Na Déise;
  • Múscraí;
  • Ciarraí Theas;
  • Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh;
  • Ciarraí Thiar;
  • Maigh Eo Thuaidh;
  • Árainn Mhór, Co Donegal;
  • An Cheathrú Rua;
  • Conamara Láir;
  • Ráth Chairn agus Baile Ghib;
  • Dún na nGall Theas;
  • Ceantar na nOileán.

Tá 9 n-Oifigeach Pleanála Teanga agus 3 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga fostaithe go dáta agus cur i bhfeidhm na bpleananna lena mbaineann tosaithe dá réir.

Tá an próiseas chun pleananna a ullmhú idir lámha i gcás na mbailte seo a leanas: Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair Saidhbhín, An Clochán Liath, Trá Lí, Dún Garbháin, Caisleán an Bharraigh agus Cathracha na Gaillimhe agus Chorcaí.

Tá pleananna a bhaineann leis an 3 Líonra Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas faoi láthair curtha faoi bhráid na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag Foras na Gaeilge le gairid agus iad á mbreithniú faoi láthair.