Foilsithe ar 

Plean Teanga do Chaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., inniu, Dé Luain 9 Iúil 2018, go bhfuil sé beartaithe plean teanga cuimsitheach a ullmhú agus a fheidhmiú do Chaisleán an Bharraigh.


Cuirfidh Foras na Gaeilge fáilte roimh iarratais anois ó aon eagraíocht a bhfuil suim aici plean a ullmhú do Chaisleán an Bharraigh agus roghnófar ceanneagraíocht an bhaile ó na hiarratais sin.


Dúirt an tAire Stáit:

leis an bhfógra seo, cuirfear tús leis an bpróiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta i gCaisleán an Bharraigh. Roghnóidh Foras na Gaeilge eagraíocht a ghlacfaidh leis an dualgas plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú thar ceann Chaisleán an Bharraigh chun stádas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a bhaint amach don bhaile.

Dúirt an tAire Stáit go raibh sé ag súil leis go mbeidh na páirtithe leasmhara ar fad a bhí ábalta tionchar a imirt ar an mbaile sásta páirt ghníomhach a ghlacadh chun staid na Gaeilge a threisiú – rud a bheidh chun leasa na Gaeilge agus an bhaile araon.

Faoin bpróiseas tabharfar tréimhse suas le mí d'eagraíochtaí chun iarratais a dhéanamh chun Foras na Gaeilge chun bheith roghnaithe mar eagraíocht chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú don bhaile. A luaithe a cheapfar eagraíocht faoin bpróiseas go ginearálta, beidh suas le dhá bhliain acu chun plean teanga a chur faoi bhráid na Roinne agus tréimhse seacht mbliana ag an eagraíocht ansin chun an plean teanga aontaithe a chur i bhfeidhm le cabhair ó Fhoras na Gaeilge.