Foilsithe ar 

Plean teanga Ghaeltacht na nDéise ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh

D'fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh, inniu (27 Feabhra 2018) go bhfuil plean teanga an Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta: Na Déise ceadaithe aige faoin bpróiseas pleanála teanga.

Is é seo an ceathrú plean atá ceadaithe faoin bpróiseas ar cuireadh tús leis in 2014. Fágann sé seo go mbeidh feidhmiú an phlean teanga i nGaeltacht na nDéise ag tosú gan mhoill. Beidh Údarás na Gaeltachta i dteagmháil go luath leis an gceanneagraíocht pleanála teanga chun tús a chur le feidhmiú an phlean.

Beidh allúntas ar fiú suas le €100,000 thar tréimhse 12 mhí iomlán á chur ar fáil i leith an phlean teanga chun tús a chur le feidhmiú an phlean sa bhliain reatha. Cuimseofar san allúntas seo, tuarastal Oifigeach Pleanála Teanga.


“Le ceadú an phlean seo," a dúirt an tAire Stáit McHugh, "tá tús curtha leis an gcéim is tábhachtaí den phróiseas mar a bhaineann sé le Gaeltacht na nDéise, is é sin cur i bhfeidhm an phlean teanga ina bhfuil na riachtanais mar a aithnítear iad go háitiúil leagtha amach ann. Leis an allúntas airgid ar fiú suas le €100,000 é don cheantar, beidh Comhlucht Forbartha na nDéise i gcomhar le pobal na nDéise in ann tosú anois ar fheidhmiú an phlean agus tionchar níos mó ná riamh a imirt dá réir ar staid reatha na Gaeilge le cúnamh leanúnach mo Roinne, Údarás na Gaeltachta agus páirtithe leasmhara eile.


"Ba mhaith liom tréaslú leis an gceanneagraíocht a chuir an plean seo i dtoll a chéile ón tús. Ba phróiseas nua é seo do na pobail Ghaeltachta ach thug siad faoi le dúthracht agus le fuinneamh. Guím gach rath ar phobal Ghaeltacht na nDéise sa seacht mbliana atá romhainn. Ni gá a rá go bhfuilim féin agus mo chuid oifigigh agus oifigigh Údarás na Gaeltachta ag súil go mór le bheith ag leanúint orainn ag oibriú as lámh a chéile leis an gceanneagraíocht chun a bplean a chur i bhfeidhm agus an Ghaeilge a chur ar bhonn níos láidre i nGaeltacht na nDéise."