Foilsithe ar 

Ráiteas Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D. maidir le maoiniú do bhóithre

Is mian le Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D. soiléiriú a thabhairt maidir le maoiniú do dheisiú bhóithre Gaeltachta ó chiste a Roinne.

De thoradh coigealtas a bhain le cláir chaipitil faoi leith de chuid na Roinne, fuarthas cead i mí Lúnasa an coigealtas sin a chur chun fónaimh le freastal a dhéanamh ar chláir chaipitil eile de chuid na Roinne. Sa chomhthéacs sin, cuireadh €1.5m breise in airgead caipitil ar fáil d'Údarás na Gaeltachta chun tacú leis an eagraíocht fostaíocht a chruthú do phobal na Gaeltachta agus cuireadh €0.5m breise ar fáil do chlár caipitil Gaeltachta na Roinne chun tacú le háiseanna pobail agus teanga a fhorbairt sna ceantair Ghaeltachta. Níor cuireadh aon airgead ar fáil do scéim bhóithre.

Tagann sé seo le cuspóirí na Roinne maidir le forfheidhmiú na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge mar a bhaineann sé leis an nGaeltacht.

Cé go n-aithnítear an gá le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar bhóithre sa Ghaeltacht, aithnítear, ach an oiread leis an gcuid eile den tír, gur cúram é seo do na húdaráis áitiúla. Chuige sin, tuigtear don Roinn go bhfuil scéim nua bhóithre fógartha ag an Aire Gnóthaí Pobail agus Tuaithe lé déanaí.