Foilsithe ar 

Ráiteas an Aire Kyne ar leanúnachas na haersheirbhíse chuig Oileáin Árann

Bhí cruinniú dearfach ag m’oifigigh agus mé féin Dé Luain le hionadaithe na nOileán. Bheartaigh an Roinn tús a chur le plé le Galway Aviation Services Ltd trí chainéil dhlíthiúla i dtaca leis an bhféidearthacht chun an t-aerfort a cheannach ag na Mine, ar an gcoinníoll go n-aistarraingíonn an chuideachta an fógra a thug siad chun deireadh a chur lena conradh oibleagáide seirbhíse poiblí (OSP) agus le rochtain na Roinne ar an aerfort an 6 Nollaig.


Tá géarghá leis seo a dhéanamh chun leanúnachas na seirbhíse a chinntiú i ndiaidh an 6 Nollaig. Tá idirchaidreamh á dhéanamh ag an Roinn, ar an ábhar sin, le hÚdarás Aerfort na Sionainne maidir lena shaoráidí a úsáid ar bhonn eatramhach. Tá sainchomhairleoir eitlíochta á cheapadh ag an Roinn faoi láthair, chomh maith, chun cáipéisí a ullmhú agus chun tairiscintí a lorg chun seirbhís shealadach a sholáthar idir Aerfort na Sionainne agus Oileáin Árann.


Le leanúnachas na seirbhíse a chinntiú san fhadtéarma, tá breithniú á dhéanamh ag an Roinn, chomh maith, ar láithreáin oiriúnacha chun saoráid aerfoirt nua faoi úinéireacht an Stáit a thógáil ag Ros an Mhíl.