Foilsithe ar 

Ré nua d’Fhoras na Gaeilge agus ceannáras nua seolta ag An Taoiseach Leo Varadkar TD

20180131 FnaG

Cuan Ó Seireadáin,  Cathaoirleach Raidió na Life, Príomhfheidhmeannach Foras na Gaeilge Seán Ó Coinn and Muiris Ó Fiannachta, Bhainisteoir Raidió na Life leis an Taoiseach Leo Varadkar. 

Cuireadh tús le tréimhse nua i stair Fhoras na Gaeilge nuair a d’oscail An Taoiseach, Leo Varadkar TD, ceannáras nua Fhoras na Gaeilge ag 63-66 Sráid Amiens ag ócáid cheiliúrtha anocht.  Thug An Taoiseach camchuairt ar na hoifigí nua lena n-áirítear stiúideoanna nua Raidió na Life agus bhí sé thar a bheith tógtha leis na háiseanna. Bhí Príomhaoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, i dteannta an Taoisigh ag ócáid na hoíche anocht.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn,

“Tá lúcháir orm go bhfuil baile buan aimsithe faoi dheireadh d’fhoireann iomlán Bhaile Átha Cliath, a bhí ag obair as dhá oifig roimhe seo, go háirithe leis an iomaíocht an-ghéar atá ann faoi láthair le haghaidh spás oifige sa phríomhchathair. Tá lárionad fadtéarmach aimsithe againn anois, cóngarach do lár na cathrach agus do na lárionaid iompair phoiblí, a mbeidh sé furasta ag baill foirne agus ag an phobal taisteal chuige. Tá na hoifigí oiriúnach d’obair Fhoras na Gaeilge, agus tá áiseanna iontu a bheidh an pobal in ann a úsáid. Tá súil agam go ndéanfaidh pobal Gaeilge na cathrach a gcuid féin den fhoirgneamh seo mar a rinne siad de 7 Cearnóg Mhuirfean, agus dá réir sin go gcruthóimid stair nua don fhoirgneamh, agus i mbliain stairiúil seo Bhliain na Gaeilge go gcuirfimid tús le ré nua i stair na teanga sa phríomhchathair”.

Thug Ó Coinn aitheantas ar leith d’iar-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh, a d’aithin an riachtanas agus a chuir tús leis an gcuardach do cheannáras nua sa phríomhchathair chomh fada siar le 2015, agus do na daoine eile uile, idir bhaill foirne, chomhaltaí Boird, agus eile, a raibh ionchur acu san aistriú go Sráid Amiens.

Bhí idir fhostaithe agus iar-fhostaithe, chomhaltaí agus iar-chomhaltaí boird, Airí agus ranna Stáit, cheanneagraíochtaí agus eagraíochtaí Gaeilge chomh maith le heagraíochtaí atá lonnaithe i gcomharsanacht i láthair ag seoladh cheannáras na heagraíochta uile-oileáin i mBaile Átha Cliath 1. Gráinne McElwain, léiritheoir/láithreoir teilifíse agus comhalta boird de chuid Fhoras na Gaeilge a bhí mar bhean an tí ag an ócáid cheiliúrtha. Chuir an banna ceoil, IMLÉ, clabhsúr leis an ócáid le taibhiú speisialta den amhrán Críochfort, a ghnóthaigh Amhrán na Bliana ag Gradaim Nós 2017.