Foilsithe ar 

Reachtaíocht á tabhairt isteach ag an Aire le 46 portach ardaithe ar Limistéir Oidhreachta Nádúrtha iad a dhí-ainmniú

Tá sé fógartha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, go bhfuil dréacht-reachtaíocht faofa mar ábhar tosaíochta le haghaidh dhí-ainmniú 39 bportach ardaithe ar Limistéir Oidhreachta Nádúrtha (LON) iad agus dí-ainmniú páirteach de 7 bportach ardaithe LON.

Cuirfidh an tAire Scéim Ghinearálta an Bhille um Fiadhúlra (Leasú) faoi bhráid an Chomhchoiste Oireachtais um Fhorbairt Réigiúnach, Ghnóthaí Tuaithe, Ealaíona agus an Ghaeltacht anois. Aithnítear foilsiú na reachtaíochta mar Ghníomh 100 Lá sa Chlár don Rialtas Comhpháirtíochta.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:
"Is céim thábhachtach chun cinn í an reachtaíocht seo ó thaobh réiteach fadtéarmach a bhaint amach do lucht bainte móna. Leis an reachtaíocht déanfar moltaí an Athbhreithniú ar Líonra Limistéir Oidhreachta Nádúrtha na bPortach Ardaithe, a d’fhaomh an Rialtas in 2014, a chur i bhfeidhm. Ba é tátal an athbhreithnithe go bhféadfaí gnáthóga phortaigh ardaithe na hÉireann atá faoi bhagairt a chaomhnú ar bhealach níos éifeachtaí trí chosaint agus athchóiriú dírithe de líonra athchumraithe.

“Mar thoradh air seo, cuirfear deireadh de réir a chéile le baint móna ar LONanna áirithe faoin 1 Eanáir 2017 chomh maith le dí-ainmniú iomlán nó páirteach de LONanna áirithe. Beidh tuairim is 2,500 ceap talún níos lú sa líonra athchumraithe.
“Tá Bille curtha faoi bhráid agam anois le 39 Limistéar Oidhreachta Nádúrtha a dhí-ainmniú agus 7 gcinn a dhí-ainmniú go páirteach, i gcomhréir leis an gClár don Rialtas Comhpháirtíochta. Tá súil agam go gcuideoidh dí-ainmniú na bportach sin leis an bpróiseas athlonnaithe, atá mar chuid thábhachtach den réiteach foriomlán do lucht bainte móna.”