Foilsithe ar 

Réamhchás gnó maidir le tionscadal athfhorbartha Ghailearaí Ealaíne Crawford ceadaithe ag an Aire Martin

Tá sé fógartha ag Catherine Martin T.D., an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta inniu go bhfuil an réamhchás gnó do thionscadal athfhorbartha Ghailearaí Ealaíne Crawford chomh maith le leithroinnt €3.32 milliún ceadaithe aici chun na costais a bhaineann leis an gcéad chéim eile den fhorbairt a chlúdach.

Dúirt an tAire "Tá ríméad orm go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh leis an obair ar thionscadal athfhorbartha Ghailearaí Ealaíne Crawford. Éascóidh an infheistíocht seo athfhorbairt a chinnteoidh go mbeidh sé ar chumas Ghailearaí Ealaíne Crawford leanúint de bheith ina chuid thábhachtach de shaol cultúir na tíre."

Faoi Thionscadal Éireann 2040, tá an Rialtas chun €460 milliún a infheistiú in Institiúidí Náisiúnta Cultúir na tíre chun a gcuid saoráidí a athchóiriú agus a thabhairt cothrom le dáta maidir le heispéireas an chuairteora agus stóráil ár mbailiúchán náisiúnta araon.

Tá an Crawford suite i bhfoirgneamh stairiúil a dteastaíonn feabhsúchán suntasach uaidh chun na héilimh atá ag athrú atá ar Institiúid Náisiúnta bhríomhar Cultúir a shásamh.

Thrácht an tAire Martin

Is é Gailearaí Ealaíne Crawford an t-aon Institiúid Náisiúnta Cultúir atá ag feidhmiú ina iomláine lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Tugann sin dearcadh agus seasamh ar leith dó. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach agus leis an Stiúrthóir agus leis an bhfoireann sa Crawford as an obair leanúnach atá á déanamh acu chun clár ealaíonta a chur ar fáil a mheallann agus a chuireann dúshlán.