Foilsithe ar 

Rialacha Cúirte Gaeilge foilsithe

Rinne an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, an tUasal Cathal Ó
Flannagáin T.D., cóip den leagan nua-fhoilsithe Gaeilge de Rialacha na
nUaschúirteanna, 1986, a bhronnadh go foirmeálta ar an mBreitheamh Frank
Clarke den Chúirt Uachtarach ag preas-ócáid i gceannáras a Roinne
Déardaoin, an 27ú Iúil.

Le foilsiú an leagain Ghaeilge sin de na Rialacha sin, tá an leagan
oifigiúil Gaeilge de chomhdhlúthuithe 1986, 1997 agus 2001 ar Rialacha na
nUaschúirteanna, na Rialacha Cúirte Dúiche agus na Rialacha Cúirte Cuarda,
faoi seach, foilsithe anois ag an Roinn, mar aon le go leor de na Leasuithe
a rinneadh ina dhiaidh sin ar na Rialacha sin, lena n-áirítear Rialacha na
nUaschúirteanna (An tAcht um an gCúirt Achomhairc, 2014), 2014.

Ag labhairt dó as Gaeilge ag an ócáid, dúirt an tAire: “Táim ana-shásta go
bhfuil an téarmaíocht atá sa leagan Gaeilge de Rialacha Cúirte Dúiche,
1997, agus Rialacha Cúirte Cuarda, 2001, ar fáil do phobal níos leithne ná
an lucht dlí, chomh maith, a bhuíochas ar ‘Fiontar’. Le cabhair deontais ó
Roinn na Gaeltachta, chuir ‘Fiontar’ téarmaí as na Rialacha Cúirte Dúiche
agus Cuarda sin ar fáil ar a bhfoclóir leictreonach, a bhfuil tóir ag an
bpobal air, ag www.téarma.ie. Agus tá sleachta as na Rialacha le fáil ar a
gcorpas comhthreomhar ar www.gaois.ie. Táimid ag féachaint leis sin a
dhéanamh, chomh maith, i gcás an leagain Ghaeilge de Rialacha na
nUaschúirteanna, 1986.”

Ghabh an tAire Ó Flannagáin buíochas leis an mBreitheamh Clarke, atá ina
Chathaoirleach ar an gCoiste Comhairlitheach um Théarmaí Dlíthiúla Gaeilge
(a rinne téarmaí sna Foirmeacha atá sna Rialacha comhdhlúite a fhaomhadh),
agus thréaslaigh sé a ainmniúchán leis mar an chéad Phríomh-Bhreitheamh
eile.

Nóta d’Eagarthóirí

Tá leagan leictreonach de Rialacha thuasluaithe 1986, 1997, 2001 agus 2014
curtha ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, www.justice.ie (Gaeilge).

Is é an Dr Micheál Ó Cearúil a bhí i mbun an aistriúcháin agus a réitigh an
téacs Gaeilge de na Rialacha don chló thar ceann na Roinne.