Foilsithe ar 

Ráiteas ón Taoiseach, an tUasal Enda Kenny, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn sna cainteanna uile-pháirtí i dTuaisceart Éireann

Thug an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála tuarascáil dom ar dhul chun cinn i ndiaidh seacht seachtaine de chainteanna polaitiúla i dTuaisceart Éireann.

Fáiltím roimh mheasúnú an Aire go ndearnadh dul chun cinn san idirbheartaíocht agus tugaim faoi deara, go háirithe, gur léirigh gach páirtí a dtacaíocht thréan go leanfaidh na cainteanna agus go dtreiseofar iad.

Aithním go bhfuiltear le dul i ngleic le saincheisteanna casta agus deacra go fóill. Tá ar an bpolaitíocht – agus ar cheannasaithe polaitiúla – díriú anois, áfach, ar chomhaontú a sholáthar do gach duine, fiú má theastaíonn idirbheartaíocht agus comhghéilleadh dúshlánach uaidh sin.

Tá na deiseanna ag éirí scáinte agus spreagaim gach duine de na páirtithe a gcuid iarrachtaí a mhéadú sa tréimhse díreach amach romhainn agus an deis a thapú chun comhaontú a bhaint amach.

Leanfaidh Rialtas na hÉireann le tacú leis na páirtithe ina gcuid iarrachtaí chun an comhaontú sin a bhaint amach.