Foilsithe ar 

Scoláirí Rang a 4 de chuid na hÉireann na Scoláirí is fearr sa Léitheoireacht san Eoraip – An tAire Bruton

Lainseáil an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton T.D., tuarascáil PIRLS 2016 inniu (Dul Chun Cinn na Staidéir Idirnáisiúnta Litearthachta Léitheoireachta), ina léirítear go bhfuil leanaí bunscoile na hÉireann mar na leanaí is fearr i dtíortha na hEorpa agus an ECFE ó thaobh scileanna léitheoireachta de.

Is staidéar idirnáisiúnta é PIRLS ina ndéantar scrúdú ar chaoga tír gach cúig bliana agus ina dtuairiscítear ar an ngnóthachtáil léitheoireachta de dhaltaí Rang a Ceathair. Ghlac ceithre cinn déag de na tíortha seo, Éire san áireamh, páirt i ngné nua (ePIRLS) de an bhliain seo caite, ina ndéantar measúnú ar an léitheoireacht i dtimpeallacht ar líne.

Tá an uaillmhian leagtha amach ag an Aire Bruton go mbeidh Éire mar an tseirbhís oideachais agus oiliúna is fearr san Eoraip taobh istigh de dheich mbliana. I dtorthaí an lae inniu léirítear go bhfuil scileanna léitheoireachta ár leanaí bunscoile, sa mheasúnú ar páipéar agus sa mheasúnú ar líne araon i measc na cinn is fearr sna tíortha Eorpacha agus ECFE ar fad.

Príomhthorthaí

  • Níl aon tír san Eoraip níos fearr ná Éire ó thaobh scileanna léitheoireachta ag an leibhéal bunscoile
  • Tháinig feabhas ar scór gnóthachtála léitheoireachta dhaltaí na hÉireann ar an iomlán faoi 15 phointe ón timthriall deiridh den staidéar a bhí in 2011
  • Tá an bhearna inscne níos lú in Éirinn ná mar atá an bhearna go hidirnáisiúnta. In theannta sin, d’éirigh an bhearna seo i bhfad níos cúinge idir 2011 agus 2016 in Éirinn
  • Ón staidéar deiridh in 2011, bhí titim shuntasach i líon na ndaltaí in Éirinn leis na scileanna léitheoireachta bunúsacha amháin
  • D’ardaigh céatadán dhaltaí na hÉireann a bhfuil ardscileanna léitheoireachta acu ó 16% in 2011 go dtí 21% in 2016, atá i bhfad níos airde ná an meán idirnáisiúnta in PIRLS
  • D’fheidhmigh daltaí na hÉireann go han-mhaith ar an measúnú léitheoireachta nua ar líne in ePIRLS. Ní raibh ach tír amháin eile (Singeapór) a d’fheidhmigh níos fearr ná Éire sa tástáil seo.

I sonraí PIRLS 2016, ní dhéantar feidhmíocht daltaí i scoileanna DEIS agus i scoileanna nach scoileanna DEIS iad a chur i gcomparáid lena chéile. Ach, léirítear sna sonraí is déanaí atá ar fáil ón bhforas Taighde ar Oideachas gur lean gnóthachtáil léitheoireachta na ndaltaí i mbunscoileanna DEIS ag feabhsú ó 2007 ar aghaidh. Tharla cuid mhór den fheabhsú seo i measc na ngnóthachtálaithe ísle.

Agus é ag déanamh tráchta ar an tuarascáil, dúirt an tAire Bruton:

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na príomhoidí, na múinteoirí agus dóibh siúd ar fad a bhí rannpháirteach leis na torthaí iontacha seo a bhaint amach.

“Tá an uaillmhian leagtha síos agam go mbeidh seirbhís oideachais agus oiliúna na hÉireann mar an ceann is fearr san Eoraip faoi 2026. Tá cuid mhór gnéithe leis an uaillmhian seo a bhaint amach ach ní mórán atá níos tábhachtaí ná cumas ár gcórais oideachais lenár leanaí a réiteach leis na scileanna litearthachta den scoth. Táim thar a bheith sásta le torthaí an mhionstaidéir seo atá aitheanta go hidirnáisiúnta, ina léirítear nach bhfuil aon tír eile san Eoraip níos fearr ná Éire ó thaobh feidhmíochta léitheoireachta ag an leibhéal bunscoile.

Tugtar an-mhisneach dom freisin leis na feabhsuithe suntasacha a rinneadh ón timthriall deiridh de PIRLS a bhí in 2011. Tá na tátail seo i gcomhréir le líon tuarascálacha móra a foilsíodh le déanaí, Measúnuithe Náisiúnta na Léitheoireachta i mBéarla agus na Matamaitice 2014 agus PISA 2015 san áireamh.  

“Is scil bhunúsach í a bheith in ann léamh. Cuireann sé ar chumas ár ndaoine óga a bheith rannpháirteach go muiníneach i gcúrsaí oideachais agus barr a gcumais a bhaint amach sa saol. Is é bunaidhm an Rialtais seo leanúint ar aghaidh leis an dul chun cinn eacnamaíoch atá á dhéanamh againn agus é a úsáid le sochaí chothrom agus chomhbhách a fhorbairt. Má cinntítear go bhfuil ár leanaí in ann léamh go han-mhaith cinnteofar go bhfuil an tús is fearr faighte acu sa saol.”

Mhol sé údair na tuarascála agus ghabh sé buíochas leis na daltaí, múinteoirí, príomhoidí agus tuismitheoirí uile a ghlac páirt sa staidéar agus a d’fhreagair na ceistneoirí.

Dúirt Eemer Eivers, duine d’údair na tuarascála

“Tá torthaí an mheasúnaithe léitheoireachta ar líne – ePIRLS – an-spéisiúil. Is é seo an chéad mheasúnú den chineál seo ag leibhéal na bunscoile agus is ábhar misnigh é nach raibh mórán deacrachta nó nach raibh deacracht ar bith ag an gcuid is mó de dhaltaí na hÉireann dul trí na cásanna casta ar líne a bhí rompu. Sa tslí chéanna, is cosúil gur féidir leo meastóireacht a dhéanamh ar eolas i dtimpeallacht dhigiteach – mar shampla, níos mó foinsí eolais ar féidir brath orthu a aithint agus eolas a chomhtháthú ó leathanaigh ghréasáin iomadúla.”

Thug Lorraine Gilleece, duine eile de na húdair, faoi deara

“Gné dhearfach de na torthaí is ea go bhfuil an feabhsú san fheidhmíocht ó 2011 an-chothromaithe. Feicimid feabhsuithe i ngach gné den léitheoireacht agus de na cineálacha téacsanna, agus tháinig feabhas ar bhuachaillí agus cailíní araon. Chomh maith leis sin, in Éirinn chúngaigh na buachaillí an bhearna inscne beagáinín ar a dtugaimid téacsanna stíl Liteartha. D’ainneoin a gcreideann an pobal i gcoitinne, ní raibh aon fhadhb ag na buachaillí in ann a dul i ngleic leis na téacsanna liteartha agus taitneamh a bhaint astu.”

Nóta d’Eagarthóirí

I measc na dtíortha a bhí san áireamh sa staidéar, ní raibh ach dhá thír as caoga tír a d’fheidhmigh i bhfad níos fearr ná Éire sa léitheoireacht sa mheasúnú ar páipéar, i gcomparáid le cúig thír as 45 tír in PIRLS 2011. Ní raibh ach daltaí i gCónaidhm na Rúise agus Singeapór a d’fheidhmigh i bhfad níos fearr go staitistiúil ná daltaí na hÉireann in 2016. Ar an ngné ar líne de chuid ePIRLS, ní raibh ach Singeapór a fuair meánscór a bhí i bhfad níos airde ná meán na hÉireann de 567 in 2016.

Nóta ar na meánscóir agus na scálaí ‎

Tuairiscítear na scóir uile de chuid PIRLS ar scála atá socraithe ag ‘lárphointe’ de 500 a socraíodh le linn an chéad mheasúnaithe de chuid PIRLS in 2001. Ní hé seo an meán idirnáisiúnta do PIRLS 2016. Is pointe tagartha seasta é a ligeann do thíortha monatóireacht a dhéanamh ina choinne ar athruithe ina bhfeidhmíocht thar tréimhse ama. Dá bhrí sin, is féidir linn scór na hÉireann de 567 in 2016 a chur i gcomparáid lenár scór de 552 in PIRLS 2011, agus a rá gur fheabhsaigh Éire faoi 15 phointe.

Maidir le PIRLS 2016

Tá PIRLS á reáchtáil ag Cumann Idirnáisiúnta um Meastóireacht ar an nGnóthachtáil Oideachasúil (IEA), eagraíocht neamhbhrabúis atá lonnaithe sa Háig, san Ísiltír. Ag an leibhéal idirnáisiúnta déanann Ionad Staidéir Idirnáisiúnta de chuid an PIRLS & ePIRLS i gColáiste Bostúin, SAM, bainistíocht ar an staidéar. In Éirinn, déanann an Foras Taighde ar Oideachas (FTO) bainistíocht ar PIRLS thar ceann na Roinne Oideachais agus Scileanna (ROS), agus cuireann sé tuarascáil náisiúnta maidir le PIRLS 2016 ar fáil.

Chomh maith leis an ngnóthachtáil léitheoireachta, cuireann PIRLS mionchomparáidí de ghníomhaíochtaí baile, cleachtais mhúinteoireachta agus saintréithe de chórais oideachais sna tíortha rannpháirteacha éagsúla. Feidhmíonn an staidéar ar thimthriall cúig bliana, agus riaradh é den chéad uair in 2001. Ghlac Éire páirt in PIRLS uair amháin roimhe seo, in 2011.

Ar an iomlán, ghlac 50 tír páirt in PIRLS agus ghlac 14 tír páirt in ePIRLS. Ghlac tuairim is 340,000 dalta in 50 tír/réigiún (agus 11 rannpháirtí tagarmharcála) páirt in PIRLS. Is é atá i gceist le rannpháirtithe tagarmharcála ná réigiúin nó eintitis nach mór na nósanna imeachta céanna a leanúint agus na caighdeáin chéanna cháilíochta sonraí a chomhlíonadh le bheith rannpháirteach ann (e.g., proibhinse Ontario, Ceanada, nó cathair Mhaidrid). Chomh maith le daltaí, bhí 330,000 tuismitheoir, 16,000 múinteoir agus 12,000 scoil rannpháirteach ann.

In Éirinn, bhí PIRLS agus ePIRLS ar siúl i scoileanna i mí Aibreáin 2016. Bhí measúnú PIRLS ar siúl roimh mheasúnú ePIRLS, agus reáchtáladh an dá cheann ar laethanta éagsúla. Chuir 4,607 dalta san iomlán PIRLS i gcrích, agus bhí fo-thacar de 2,473 dalta a roghnaíodh go randamach a chuir ePIRLS i gcrích. Is iad na múinteoirí sna scoileanna rannpháirteacha a riar na measúnuithe. Tugadh 80 nóiméad do gach tástáil, agus bhí sos gearr sa lár. Tar éis na dtástálacha de chuid PIRLS, agus go hiondúil ar an lá céanna, chuir na daltaí ceistneoirí i gcrích, a ghlac tuairim is 30 nóiméad.

Tuarascálacha reatha agus tuarascálacha a bheidh ag teacht go luath

Sa tuarascáil a eisíodh inniu – An Ghnóthachtáil léitheoireachta in PIRLS 2016: An tuarascáil tosaigh d’Éirinn – déantar cur síos ar an ngnóthachtáil léitheoireachta de dhaltaí i Rang a Ceathair, don léitheoireacht ar páipéar agus don léitheoireacht i dtimpeallacht ar líne araon. Dírítear ann ar thorthaí na dtástálacha, agus tá eolas ann maidir leis an bhfeidhmíocht mheánach (an meán), dáileadh na feidhmíochta (e.g. cad é an chomparáid idir daltaí ar gnóthachtálaithe arda agus gnóthachtálaithe ísle iad in Éirinn agus a bpiaraí i dtíortha eile), céatadán na ndaltaí a shroicheann gach ceann de na Tagarmharcálacha gnóthachtála atá sainmhínithe go hidirnáisiúnta, na réimsí den láidreacht choibhneasta agus den laige choibhneasta i bhfeidhmíocht na ndaltaí in Éirinn.

In 2018, foilseoidh an Foras Taighde ar Oideachas líon tuarascálacha comhthéacsúla ina ndéanfar scrúdú níos forleithne ar an gcomhthéacs oideachais in Éirinn, in éineacht leis na gaolmhaireachtaí idir na tosca comhthéacsúla agus gnóthachtáil na ndaltaí. Déanfar scrúdú ar leith ar an ngaol idir an fheidhmíocht ar mheasúnú ar líne agus ar an measúnú ar páipéar.

Tuilleadh eolais

Tá an tuarascáil ar fáil saor in aisce le híoslódáil ó www.erc.ie. Tá tuilleadh eolais faoi PIRLS ar fáil freisin ó www.erc.ie/PIRLS. Is iad seo a leanas na húdair agus teideal na tuarascála:

Eemer Eivers, Lorraine Gilleece & Emer Delaney. An Ghnóthachtáil léitheoireachta in PIRLS 2016: Tuarascáil tosaigh d’Éirinn. Baile Átha Cliath: An Foras Taighde ar Oideachas.

Maidir le scoileanna DEIS

Tuarascáil faoi scoileanna DEIS ón bhForas Taighde ar Oideachas: Kavanagh, Weir & Moran,. Meastóireacht ar DEIS: Monatóireacht á déanamh ar an ngnóthachtáil agus dearcthaí i measc daltaí de bhunscoileanna uirbeacha ó 2007 go dtí 2016 (2017)   (The evaluation of DEIS: Monitoring achievement and attitudes among urban primary school pupils from 2007 to 2016 (2017))

Sonraí teagmhála

Sarah O’Neill, Comhairleoir Preasa – 0876964066

Karen Smith, Preasoifig – 01 889 2322

Eemer Eivers 01 8065 203 / 087 659 0205   eemer.eivers@erc.ie

Lorraine Gilleece         01 8065 215   Lorraine.gilleece@erc.ie

FTO (ERC) 01 8373 789 PIRLS@erc.ie       www.erc.ie     @ERC_IRL