Foilsithe ar 

Seirbhís Fharantóireachta Thoraí

Tionóladh cruinniú poiblí i dToraigh Dé hAoine 19 Eanáir ar a d’fhreastal an tAire Stáit McHugh agus oifigigh na Roinne.

Thug ionadaithe na Roinne éisteacht do phobal an oileáin agus gheall siad go ndéanfaidís machnamh ar an méid a bhí cloiste acu agus go dtiocfaidís ar ais chuig pobal an oileáin ansin. Tá an Roinn fós ag breathnú ar roghanna féachaint an bhfuil féidearthachtaí leo chun an deacracht casta seo a shárú, ach níl críoch tagtha leis na fiosraithe seo go fóill. Tá an Roinn ag súil le bheith i dteagmháil le Comharchumann Thóraí chun cruinniú a eagrú an tseachtain seo chugainn.