Foilsithe ar 

Seolann An tAire Paul Kehoe na Tuarascálacha um Ghníomhaíocht Bhriogáide ( de chuid an Bhailiúcháin Pinsean Seirbhíse Míleata) ag Siompóisiam Poiblí i mBeairic Chathail Brugha

20190225 Brigade Activity Reports

Sheol an tAire Kehoe na Tuarascálacha um Ghníomhaíocht Bhriogáide de chuid na Seirbhíse Míleata ag Siompóisiam a reáchtáladh i mBeairic Chathail Brugha, i mBaile Átha Cliath, inniu. Cuireann an Foilseachán a ghabhann leo, “The Military Service(1916- 1923) Pensions Collection The Brigade Activity Reports” go mór le seoladh na dtuarascálacha ar líne.

Tá na Tuarascálacha um Ghníomhaíocht Briogáide (nó sraith ‘A’) ar an tsraith chomhad ba mhó a rabhthas ag tnúth leo, laistigh den Bhailiúchán Pinsean Seirbhíse Míleata. Chuir Coistí Briogáide, de dhaoine a bhí mar iar-oifigigh san IRA ar fud na tíre, i dtoll a chéile iad. Bhí sé mar aidhm do na Tuarascálacha, cabhrú le héilimh phinsin a riar, de réir Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934. Mar chuid den obair seo, rinneadh oibríochtaí agus gníomhaíochtaí de chuid Óglaigh na hÉireann agus an IRA, a liostáil, agus cuireadh béim ar na hoibríochtaí le linn na mblianta ba ghníomhaí de Chogadh na Saoirse (1920-1921). Cuimsíonn cuid de na comhaid, gníomhaíocht le linn an Chogadh Chathartha (1922-1923) cé go bhfuil siad ina mionlach. Is foinse fianaise luachmhar ar leith iad na comhaid atá á seoladh inniu, a léiríonn a bhí i gceist le treallchogaíocht le linn an Chogadh Chathartha agus le linn Chogadh na Saoirse. Tá 151 cinn de chomhaid Tuarascálacha agus tuairim is 400 cinn de sceitsí agus de léarscáileanna de gach méid, sa tsraith.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire,

Tá na taifid seo iontach tábhachtach mar go dtugann siad léargas dúinn ar gach paróiste agus baile fearainn sa tír seo agus ar na gníomhaíochtaí inar ghlac gnáthdhaoine páirt iontu, ar son na náisiúntachta.  Cuireann an t-ábhar foinseach luachmhar seo, cuntais ó bhunfhoinse ar fáil, faoin tacaíocht nach bhfuil mórán eolais ina taobh nó nach bhfuil ceiliúrtha in amanna, an tacaíocht a thug gnáthdhaoine ar fud na tíre.

Lean sé de

Molaim go hard an t-ábhar foinseach ar líne seo, agus an foilseachán chomh maith, do dhuine ar bith a bhfuil suim aige i stair an náisiúin.

Nóta don Eagarthóir

Rinne Moltóir agus Coiste Comhairliúcháin, na cinntí de réir Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934. Bhí siad ag brath go trom ar na Tuarascálacha Gníomhaíochta Briogáide seo chun éilimh phearsanta ar phinsin, a mheas, ós rud é go raibh amchlár bunúsach de na gníomhaíochtaí tugtha iontu, agus gur chuir daoine a bhí páirteach sna gníomhaíochtaí sin  an t-ábhar seo i dtoll a chéile, cé nach bhfuil sé ar fad cothrom. Cé go bhfuil na comhaid éagsúil ó thaobh eolais de agus ó thaobh cháilíocht na dtaifead, ní raibh a leithéid ann roimhe, agus ós rud é go bhfuil siad ar fáil go poiblí den chéaduair, cuirfidh sé ar a gcumas do thaighdeoirí nasc a dhéanamh idir níos mó daoine agus gníomhaíochtaí a bhfuil cáil orthu agus gníomhaíochtaí nach bhfuil eolas ar bith nó beagán eolais ina taobh. Ní amháin sin, ach rinne cuid de na rannpháirtithe, a ndearnadh tagairt dóibh sna BARs, iarratas ar phinsean/nó ar íocaíocht, chomh maith. Úsáidfear an tsraith seo mar aon le rollaí ainmniúla de chuid an IRA (atá ar líne cheana féin) agus le comhaid aonair an bhailiúcháin.

Taispeánann na comhaid seo, a cruthaíodh timpeall cúig bliana déag tar éis na n-imeachtaí, níos mó ná sin ar ndóigh. Is féidir na hachrainn laistigh, an drogall a bhí ar dhaoine bheith páirteach agus na hidirghníomhaíochtaí deacra, a fheiceáil go soiléir, a bhuí le comhfhreagras agus le meamraim déanta sa chúlra. San am céanna, ba chóir an tsraith BAR, mar aon le bailiúcháin chartlainne ar fad, a scrúdú go cúramach sa chomhthéacs iomlán agus a úsáid taobh le foinsí eile.