Foilsithe ar 

Seolann an tAire Bruton Céim nua trí trí Mheán na Gaeilge do Bhunmhúinteoirí

Sheol an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton, Baitsiléir san Oideachas trí Mheán na Gaeilge don bhunmhúinteoireacht inniu in Institiúid Oideachais Marino mar chuid dá mhórphlean chun dul i ngleic le saincheisteanna maidir le soláthar múinteoirí.

Tá an chéim ag leibhéal 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí agus tá an clár creidiúnaithe ag Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Bhaile Átha Cliath agus ag an gComhairle Mhúinteoireachta. Cuirfear tús leis an gcéim i Meán Fómhair 2019 agus clárófar suas go 35 mac léinn nua ar an gcéim in aghaidh na bliana.

Ag labhairt ag an seoladh, dúirt an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton,:

Táim an-sásta go gcuirfear tús leis an gclár oideachais tosaigh múinteoirí seo i Meán Fómhair 2019. Is céim thábhachtach chun tosaigh í seo san obair atá ar siúl agam chun cur le líon na múinteoirí ar féidir leo múineadh trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht agus san earnáil Lán-Ghaeilge i gcoitinne.

Cé go bhfuil níos mó múinteoirí á earcú againn anois ná riamh cheana – 6,000 le dhá bhliain anuas, tuigim go bhfuil dúshláin ann. Tá fógra an lae inniu mar cheann de raon beart atá á ghlacadh agam chun dul i ngleic leis na fadhbanna is léir do scoileanna ón láthair oibre. Cuirfidh na céimithe a thiocfaidh as an gclár nua Lán-Ghaeilge seo go mór leis an soláthar múinteoirí bunscoile do na scoileanna Gaeltachta agus do ghaelscoileanna.

Shínigh an tAire conradh ocht mbliana, ar fiú €5.5 milliún é, don chéim d’ábhair oidí seo idir Institiúid Oideachais Mharino agus an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Ag labhairt ag an seoladh, dúirt An tOllamh Chris Morash, Leas-Phropast, Coláiste na Tríonóide:

Táimid an-sásta gurb é Coláiste na Tríonóide atá ag tabhairt creidiúnaithe don chéim seo agus tá sé go hiontach go bhfuil Coláiste na Tríonóide agus Marino, a oibríonn chomh dlúth sin le chéile, ag freagairt ar bhealach chomh praiticiúil sin do riachtanais na hEarnála Oideachais Lán-Ghaeilge.

Ag labhairt ag an ócáid, dúirt Uachtarán Institiúid Oideachais Marino, an Dr Teresa O’Doherty:

San earnáil Lán-Ghaeilge (scoileanna Lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta) tá géarghá le múinteoirí le hardchumas sa Ghaeilge, a bhfuil eolas ar leith acu ar an tumoideachas agus a bhfuil an inniúlacht acu ábhair uile an Churaclaim a mhúineadh trí mheán na Gaeilge. Is dea-scéal é, mar sin, go mbeidh céimithe ón mBaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge ar fáil ó Mheán Fómhair, 2023 chun obair sna scoileanna sin. Táimid ag súil go mór le bheith ag comhoibriú leis an Aonad Gaeltachta sa Roinn Oideachais agus Scileanna san obair seo, agus leis na páirtithe leasmhara go léir – COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta), Gaeloideachas, An Foras Pátrúnachta, An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí agus, ar ndóigh, le príomhoidí agus le múinteoirí i mbunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge. 

Ag tabhairt léargais ar an gcéim, dúirt an tUachtarán Marino freisin:

Is deis iontach í an chéim seo do scoláirí a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge, a n-oideachas tosaigh mar mhúinteoirí a fháil go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Cuirfear béim sa chéim ar an nGaeilge, ar an tumoideachas, ar ábhair uile an churaclaim a mhúineadh trí mheán na Gaeilge agus ar mhúineadh i suíomhanna ilghrád. Déanfar na socrúcháin scoile ar fad i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna Lán-Ghaeilge. Tá oifigeach margaíochta, Caoileann Ní Dhonnchadha, ceaptha ag an Institiúid chun mic léinn a chur ar an eolas faoi nithe tarraingteacha eile a bhaineann leis an gcéim, ina measc, sparánachtaí, Bloc Gaeilge in árasáin na hInstitiúide, agus deiseanna an Ghaeilge a úsáid mar ghnáth-theanga chumarsáide.