Foilsithe ar 

Seolann an tAire Cosanta, an tUas. Simon Coveney, Scéim Tacaíochta Fostaíochta Óglaigh na hÉireann

Sheol an tAire Cosanta, an tUasal Simon Coveney, Scéim Tacaíochta Fostaíochta Óglaigh na hÉireann i nDún Mhic Aoidh, Baile Átha Cliath inniu (Dé hAoine an 19 Feabhra, 2016). Is comhthionscnamh idir an Roinn Cosanta, Óglaigh na hÉireann, an Roinn Coimirce Sóisialaí agus Bord Oideachais agus Oiliúna Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire í an Scéim.

As tiomantas a tugadh sa Pháipéar Bán ar Chosaint a foilsíodh anuraidh a d'eascair an Scéim Tacaíochta Fostaíochta nua.

Is é cuspóir na Scéime deis a thabhairt do rannpháirtithe dífhostaithe, idir 18 agus 24 bliain, agus atá faoi mhíbhuntáiste ar leith i dtaobh a bheith in ann a gcuid caipiteal daonna féin a fhorbairt mar gheall ar an staid shocheacnamaíoch ina bhfuil siad faoi láthair, neamhspleáchas eacnamaíochta a bhaint amach.   Tá an Scéim leagtha amach chun dul i gcion go dearfach ar na rannpháirtithe agus é mar aidhm shonrach aici scileanna saoil agus scileanna a bhfuil tóir orthu a thabhairt dóibh a chabhróidh leo a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí agus a chuirfidh ar a gcumas dul i mbun oibre nó tabhairt faoi bhreisoideachas chun na críche sin.

Ag seoladh na Scéime dúirt an tAire Coveney “Ar an gclár a thabhairt chun críche, ba cheart go mbeadh níos mó féinmhuinín agus féinsmachta ag rannpháirtithe, go mbeadh siad níos spreagtha chomh maith le bheith níos aclaí.  Beidh siad in ann scileanna sóisialta agus scileanna foirne a léiriú agus beidh siad in ann cumarsáid níos muiníní a dhéanamh le fostóirí ionchais”.

Ar bhonn deonach a ghlacfar páirt sa Scéim agus tá súil ag an Aire Coveney “go mbeidh sí suimiúil, spreagúil agus dúshlánach do rannpháirtithe”.

Cuirfear tús le scéim phíolótach ina mbeidh 30 rannpháirtí i Meitheamh na bliana seo agus mairfidh sí 10 seachtaine.  Is i gCampa Bhaile Mhic Gormáin a bheidh sí lonnaithe agus reáchtálfar í i gcomhar le Bord Oideachais agus Oiliúna Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire.