Foilsithe ar 

Seolann an tAire Madigan Fleadh Bhaile Átha Cliath

Sheol an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, Fleadh Contae Bhaile Átha Cliath inniu. Beidh os cionn 800 rannpháirtí aonair agus grúpa sa bhFleadh; beidh breis is 1,000 rannpháirtí i dteannta a dteaghlaigh agus lucht tacaíochta páirteach sna himeachtaí éagsúla i mBaile Átha Cliath.

Agus í ag labhairt ag an ócáid, dúirt an tAire Madigan:

“I mbliana, beidh 36 Fhleadh Cheoil Contae agus Cúige ar siúl ar fud oileán na hÉireann, le 7 bhFleadh breise sa Bhreatain agus i Meiriceá Thuaidh. Ag croílár na bhFleadhanna seo tá an 180 comórtas deirí seachtaine i gceol traidisiúnta, amhrán, damhsa, comhrá Gaeilge agus scéalaíocht.

Tá Fleadh Contae Bhaile Átha Cliath uathúil i measc Fleadhanna. Bíonn sé ar siúl i gceantar uirbeach chomh mór sin ach tá sé fós ábalta bród a ghiniúint sa phobal. Tugann sé onóir as ucht na tallainne agus na gnóthachtála. Is imeacht é Fleadh Bhaile Átha Cliath 2018 go mbímid go léir ag tnúth leis – imeacht inarb iad an pobal agus an rannpháirtíocht an croí.”