Foilsithe ar 

Seolann an tAire Madigan tob-mhusaem a dhéanann céiliúradh ar 100 bliain do rannpháirtíocht na mban sa pholaitíocht agus sa saol poiblí

D'oscail an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan TD tob-mhusaem go hoifigiúil inniu (14 Nollaig) – ‘100 Bliain de Mhná sa Pholaitíocht agus sa Saol Poiblí 1918–2018’. Díríonn an tob-mhusaem ar 100 bliain do rannpháirtíocht na mban sa pholaitíocht agus sa saol poiblí.
Cuireann an taispeántas taitneamhach seo spotsolas ar scéalta na mban, iad siúd atá mór le rá agus iad nach bhfuil ró-aitheanta, a chur go mór le saol polaitíochta agus poiblí na hÉireann thar an gcéad bliain dheireanach – na dúshláin a bhí acu agus na constaicí a sháraigh siad.
Dúirt an tAire Madigan agus í ag oscailt an taispeántais: "Ba mhaith liom go smaoiníonn sibh ar feadh nóiméid: inné, 100 bliain ó shin, ní raibh aon bhean sa seomra seo in ann seasamh i dtoghchán, toisc gur bhean a bhí inti. Ní raibh sé indéanta d'aon bhean in Éirinn, is cuma cé chomh éirimiúil nó léannta a bhí sí. Fiú dá mbeadh an bhean sin lán le smaointe agus beartais leasuithe, ní raibh sí in ann iad a chur chun cinn. Ní chiallaíonn sin nach smaoineoidh sí ar a leithéid, ach thoirmisc an dlí í.”
Tugann an taispeántas deis iontach do dhaoine seana agus óga machnach a dhéanamh ar an turas a bhí ag an tír seo, na céad bliain dheireanach ach go háirithe. Déanfaidh an taispeántas machnamh agus céiliúradh ar an méid a baineadh amach thar na céad bliain dheireanach ach le tuiscint go bhfuil go leor fós le déanamh. Spreagfaidh sé plé, díospóireacht agus anailís ar ár stair.
Dúirt an tAire Madigan: "Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Sinéad McCoole as a tiomantas don tionscadal seo. Chomh maith leis sin, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na mná agus a teaghlaigh a roinn a gcuid scéalta agus cuimhní pearsanta linn – go leor nach raibh feicthe go dtí seo – go flaithiúil."
Coimeádaíodh an taispeántas ag an staraí, Sinéad McCoole, le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta mar chuid den chlár Deich mBliana na gCuimhneachán. Tá an taispeántas ar oscailt i dTeach an Chóiste i gCaisleán Átha Cliath ón lá inniu – an comóradh céad bliain ar an olltoghchán 1918 – go dtí Dé Domhnaigh, 3 Feabhra 2019, agus tá cead isteach saor in aisce ann. Tá sé beartaithe go rachaidh an taispeántas go háiteanna i gCúige Mumhan, Cúige Uladh agus Cúige Chonnacht le linn 2019.