Foilsithe ar 

Seolann an tAire McHugh Máistreacht san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta do mhúinteoirí agus phríomhoidí bunscoile agus iar-bhunscoile

Sheol an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh, Máistreacht nua san Oideachas (M.Oid) Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Fógraíodh an clár nuálach iarchéime seo do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile chun cur leis an soláthar múinteoirí a mhúineann trí mheán na Gaeilge sa chóras oideachais. Céim eile i gcur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 is ea an clár oideachais múinteoirí seo agus is cuid den mhórphlean náisiúnta é dul i ngleic le saincheisteanna maidir le soláthar múinteoirí.

Tá an chéim pháirtaimseartha M.Oid seo ag leibhéal 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí agus tá an clár creidiúnaithe ag Ollscoil Luimní. Shínigh an tAire conradh sé bhliana, ar fiú €2.1 milliún é, don chéim iarchéime seo idir Choláiste Mhuire Gan Smál agus an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Is céim thábhachtach eile í san aistear chun tacaíochtaí éagsúla a chur ar fáil don oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Caithfidh an Coláiste ar a laghad 70% den chlár a sholáthar ar láthair institiúide le meicníochtaí aghaidh ar aghaidh, agus uasmhéid 30% den soláthar ar líne sa dá bhliain den chlár M.Oid. Cabhróidh an fhoghlaim chumaisc atá á soláthar le múinteoirí agus príomhoidí a bheith rannpháirteach ar an gclár.

Is chun a chinntiú go mbaineann an caighdeán is airde agus is féidir agus an oiriúnacht is mó leis na rannpháirithe a ghlacann páirt sa chlár, nach mór d'iarrthóirí rathúla fianaise a sholáthar gur ghnóthaigh siad caighdeán Leibhéal B1 sa Ghaeilge sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha, ar measúnacht le creidiúnú seachtrach í.

Ar mhaithe le caighdeán agus ardinniúlacht sa Ghaeilge a chinntiú i measc na rannpháirtithe, bíonn ar na hiarrathóirí fianaise a thabhairt ar ghnóthachtáil Leibhéal B1 sa Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (Common European Framework of Reference for Languages) sa Ghaeilge chun áit a fháil ar an gclár seo.

Ag labhairt ag an seoladh, dúirt an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh,

Tá sé go hiontach go bhfuil critéir iontrála ar leith d’inniúlacht na Gaeilge ag teastáil chun áit a fháil ar an gclár iarchéime seo. Is deis iontach an clár seo chun roghanna éagsúla a chur ar fáil do na rannpháirtithe ar mian leo saineolas a bhaint amach i réimse an oideachais Ghaeltachta agus ghaelscolaíochta. Is féidir leis na mic léinn tabhairt faoi Teastas Iarchéime, Dioplóma Iarchéime, nó Máistreacht san Oideachas trí mheán na Gaeilge tríd an gclár seo.

Táim ag súil go rachaidh an clár iarchéime nua seo ó neart go neart sa todhchaí. Tá maoiniú curtha ar fáil agam faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 chun 30 rannpháirtí a chlárú gach bliain i dtreo is go mbeidh 5 cóhort de 30 múinteoirí/príomhoidí i gceist thar thréimhse 6 bliana.

Táim cinnte, ar chríochnú an chláir dóibh, go mbeidh cóhort múinteoirí agus príomhoidí againn sa chóras ar ardchaighdeán gairmiúlachta agus inniúlachta a mbeidh saineolas agus saintaithí acu ar mhúineadh trí Ghaeilge i scoileanna sa Ghaeltacht, i ngaelscoileanna agus gaelcholáistí.


Luaigh an tAire McHugh an tábhacht a bhaineann le múinteoirí agus príomhoidí ar saineolaithe iad ar an oideachas Gaeltachta agus gaeloideachas a bheith ag obair sa chóras d’fhonn sprioc uileghabhálach an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017 – 2022 a bhaint amach chun a chinntiú go bhfuil an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge ar ardchaighdeán i limistéir Ghaeltachta.

Dúirt an tOllamh Eugene Wall, Uachtarán Choláiste Mhuire gan Smál,

De réir mhisean an Choláiste, tugann Coláiste Mhuire gan Smál an-aird ar an bhfreagracht atá air cothú agus saibhriú a dhéanamh ar inniúlachtaí oideolaíocha, ar an gceannaireacht agus ar an taighde sa tumoideachas agus san oideachas Gaeltachta. Tá lúcháir orainn i gColáiste Mhuire gan Smál a bheith ar thús cadhnaíochta maidir leis an nuálaíocht san fhorbairt ghairmiúil leanúnach san earnáil seo atá ag forbairt de shíor. Táimid ag súil go mór le bheith ag comhoibriú leis an Aonad um Oideachas Gaeltachta sa Roinn Oideachais agus Scileanna san obair seo, agus leis na páirtithe leasmhara go léir chun clár iarchéime foghlama cumaisc trasearnála ar ardchaighdeán a chur ar fáil don earnáil.


Dúirt an Dr Angela Canny, Déan Gníomhach an Oideachais i gColáiste Mhuire gan Smál,

Tá sainoideolaíochtaí riachtanach chun an dátheangachas suimitheach, an délitearthacht, an inniúlacht ilchultúrtha agus an ghnóthachtáil acadúil a chur chun cinn i gcomhthéacs an tumoideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Forbróidh an clár trasearnála seo, an M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta bonn eolais riachtanach, tuiscintí doimhne agus inniúlachtaí ríthábhachtacha le cur ar chumas oideoirí an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta an ról casta dinimiciúil sin a chomhlíonadh.


Ag caint ag an seoladh, dúirt an Dr T.J. Ó Ceallaigh, Stiúrthóir an Chláir,

Trí pheirspictíochtaí éagsúla ó thimpeall na cruinne, déanfar iniúchadh san M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar cén fáth agus cén chaoi a bhfuil an tumoideachas/an t‑oideachas mionteanga faoi bhláth agus faoi rath i gcomhthéacsanna éagsúla sa 21ú haois agus ar cén chaoi a bhfuil cuid de na samhlacha ag dul i ngleic leis na dúshláin chomhchoiteanna sin. Ní hamháin go dtugann an nádúr foghlama cumaisc agus dearadh an chláir seo deis seimineáir ghréasáin shioncronacha agus aisioncronacha a reáchtáil le taighdeoirí móra idirnáisiúnta, cuirtear deiseanna solúbtha nuálacha foghlama ar fáil do mhic léinn iarchéime, deiseanna nach mbeadh acu, b’fhéidir, murach sin.


Thréaslaigh an tAire le Coláiste Mhuire gan Smál as an réamhullmhúchán go léir a bhí déanta acu don chlár M.Oid. nua seo agus rinne sé comhghairdeas leis na rannpháirtithe a thosaigh ar an staidéar le déanaí.