Foilsithe ar 

Síneadh ama curtha leis an sprioc dháta do Chomórtas EPSO d’Aistritheoirí Gaeilge

Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D. roimh fhógra na hOifige Eorpaigh um Roghnú Foirne go bhfuil síneadh ama curtha leis an sprioc dháta don chomórtais chun aistritheoirí Gaeilge a earcú d’Institiúidí an Aontais Eorpaigh.
Glacfar le hiarratais anois go dtí Déardaoin, an 20 Meán Fómhair 2018.
Tá an comórtas seo á reáchtáil ag EPSO (an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne) chun suas le 72 phost a líonadh d’aistritheoirí Gaeilge in Institiúidí an Aontais Eorpaigh. Beidh na poist, a bhfuil scála tuarastal a thosaíonn ag €4,707 sa mhí agus a ardaíonn go €5,326 ag dul leo, lonnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg.
Is féidir iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas earcaíochta ar an suíomh gréasáin earcaíochta www.jobs.eu-careers.eu. Tá an comórtas oscailte do chéimithe ollscoile, lena n-áirítear iad sin a bhainfidh céim amach an samhradh seo, le sárthuiscint ar an nGaeilge agus eolas cuimsitheach ar dhá theanga oifigiúla eile den AE ar a laghad, lena n-áirítear Béarla, Fraincis nó Gearmáinis.