Foilsithe ar 

Tá clárúcháin ar oscailt anois do Chomhdháil Náisiúnta Bhithéagsúlachta na hÉireann

Registrations now open for Ireland’s National Biodiversity Conference

Seolann Josepha Madigan, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta clárúcháin don Chomhdháil Náisiúnta Bhithéagsúlachta leis an Dr Ciarán O’Keeffe, Príomhoifigeach ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus Hannah Hamilton, Comhordaitheoir Feidhmiúcháin ag Fóram na hÉireann um Chaipiteal Nádúrtha.

D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, inniu (Dé Luain, an 19 Samhain) gur osclaíodh clárúcháin don Chomhdháil Náisiúnta Bhithéagsúlachta, dar teideal ‘Ré Nua don Dúlra’ (‘New Horizons for Nature’).

Imeacht dhá lá é seo atá eagraithe ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (www.npws.ie) agus Fóram na hÉireann um Chaipiteal Nádúrtha (www.naturalcapitalireland.com) agus beidh sé ar siúl ag Caisleán Bhaile Átha Cliath an 20 agus an 21 Feabhra 2019.

Dúirt an tAire Madigan: “Beidh ealaíontóirí, gnólachtaí, eacnamaithe, ceoltóirí agus feirmeoirí i dteannta caomhantóirí agus eolaithe chun freagraí a lorg ar an gceist - conas is féidir linn oibriú le chéile a fheabhas agus is féidir chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú?

Tá bithéagsúlacht á cailleadh againn timpeall an domhain faoi láthair ar ráta níos airde ná mar a thugamar faoi deara riamh roimhe seo. In Éirinn, tá drochbhail ar bhreis agus 90% dár ngnáthóga cosanta, agus meastar go bhfuil 14% de speicis ar a ndearnadh measúnú i mbaol. Tá méadú ag teacht bliain i ndiaidh bliana ar an líon plandaí, feithidí, mamach agus éan atá faoi bhagairt nó i mbaol bliain i ndiaidh bliana.

Ar aon dul leis an méid a dúirt an tUachtarán Macron, dúirt an tAire Madigan, chomh maith,

Is é bithéagsúlacht an phláinéid seo an acmhainn is mó atá againn agus is faoin nglúin seo atá sé an reitric a chur díobh agus dul i mbun gnímh. Ní hiad an dornán siúd daoine amháin a thuigeann an cás le dul i mbun an ghnímh sin. Tá oibleagáid orainn go léir, agus úsáidfimid an chomhdháil seo chun an plé sin a fhairsingiú.

Dúirt an Dr Ciarán O’Keeffe, Ceann Eolaíochta agus Bithéagsúlachta ag an SPNF:

Baineann seo leis an bpláinéad an oiread céanna a bhaineann sé le daoine. De réir mar a chliseann gréasán na beatha, éiríonn na córais nádúrtha a thugann bia le hithe, aer le hanálú agus uisce le hól níos leochailí.

Is mian le heagraithe na comhdhála cur i bhfeidhm 3ú Plean Gníomhaíochta Náisiúnta Bithéagsúlachta na hÉireann, ‘Gníomhartha don Bhithéagsúlacht 2017-2021’ a fhuinnmhiú, a seoladh i nDeireadh Fómhair 2017.

Trí chainteanna, díospóireachtaí, ceardlanna agus gnéithe cruthaitheacha, tá de chuspóir an imeachta seo feasacht a mhúscailt ar an bPlean agus roinnt dá phríomhghnéithe a thabhairt chun solais, an méid seo a leanas ina measc:

  • Conas idirchaidreamh níos fearr a dhéanamh le pobail ar fud na hÉireann chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú
  • Pleanáil a dhéanamh don bhithéagsúlacht i ndomhan atá ag athrú
  • Infheistiú sa dúlra

Tá eolas faoin gcomhdháil ar fáil ag www.biodiversityconference.ie.


Nótaí D'Eagarthóirí

1) Is é an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an comhlacht reachtúil do chaomhnú an dúlra in Éirinn. Oibríonn an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, atá mar chuid den Roinn, chun réimse ionadaíoch d’éiceachórais na hÉireann a chaomhnú agus barr feabhais a chur ar dhaonraí flóra agus fána in Éirinn, cosaint gnáthóg agus speiceas a sainaithníodh le haghaidh caomhnú dúlra a shainiú agus comhairle a thabhairt orthu, beartais náisiúnta agus reachtaíocht an AE a chur i bhfeidhm, Páirceanna Náisiúnta agus Anaclanna Dúlra a choimeád agus a fhorbairt, agus chun feasacht ar shaincheisteanna oidhreachta agus bithéagsúlachta nádúrtha a chur chun cinn. www.npws.ie.

2) Tugann Fóram na hÉireann um Chaipiteal Nádúrtha réimse éagsúil eagraíochtaí agus daoine aonair le chéile ó earnálacha acadúla, poiblí, príobháideacha agus neamhrialtasacha ar spéis leo forbairt agus cur i bhfeidhm na gclár nádúrtha caipitil in Éirinn. Trí chomhoibriú agus ceannaireacht ár gcomhaltaí fairsinge, is é ár n-aidhm chun cabhrú le luach a léiriú ar sheirbhísí nádúrtha caipitil agus seirbhísí éiceachórais na hÉireann agus iad a chosaint agus a aischur trí thacú le glacadh le coincheapa nádúrtha caipitil i mbeartas poiblí agus i straitéis chorparáideach, cinnteoireacht fheasach san earnáil phoiblí agus phríobháideach a chur chun cinn agus cabhrú le caighdeán náisiúnta nádúrtha cuntasaíochta caipitil a bhunú. www.naturalcapitalireland.com.