Foilsithe ar 

Taispeántas Ceiliúrtha Speisialta den chlár faisnéise suntasach, 1916 The Irish Rebellion mar chuid d’Éire 2016

Beidh taispeántas ceiliúrtha anocht (Dé Céadaoin an 16 Márta) sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath de 1916 The Irish Rebellion, an clár faisnéise suntasach de chuid Ollscoil Notre Dame le tráchtaireacht ó Liam Neeson. Is mórócáid den chlár fairsing lena ndéantar Bliain Chomórtha Céid 1916 na hÉireann é an taispeántas ceiliúrtha seo, ag a mbeidh lucht féachana de bheagnach 1,000 duine agus ina mbeidh taibhithe beo le Ceolfhoireann Choirme RTÉ agus ealaíontóirí eile. Beidh an tUachtarán, Micheál D. Ó hUigínn i láthair agus is í Claire Byrne a bheidh ann mar bhean an tí.

Mar thionscnamh speisialta de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála faoi shnáithe Domhanda agus Diaspóra Éire 2016, beidh an scannánú ceiliúrtha á thaispeáint beo ag misin taidhleoireachta na hÉireann in ionaid i Londain, Páras, Maidrid, Búdaipeist agus Béalgrád. Tá scannánaithe taifeadta eile beartaithe in Hanáí, Lusaka agus San Francisco, le taispeántais bhreise den chlár faisnéise pleanáilte in go leor áiteanna eile ar fud an domhain le linn 2016.

I 1916 The Irish Rebellion, a chraol RTÉ ar dtús i dtrí chuid, déantar iniúchadh ar Éirí Amach na Cásca i mBaile Átha Cliath agus na h-imeachtaí a thit amach ina dhiaidh sin, as a dtáinig bunú Stát neamhspleách na hÉireann. Ba í Institiúid Keough-Naughton an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Notre Dame a cheap an clár faisnéise agus rinne COCO Television é a léiriú. Cuimsítear ann agallaimh le staraithe agus acadóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta mór le rá chomh maith le píosaí scannáin cartlainne nár scaoileadh riamh. Chum Patrick Cassidy, an cumadóir iomráiteach a bhfuil gradaim bainte aige, scór speisialta a sheinnfear beo tráthnóna inniu.

Ag labhairt dó ó na Stáit Aontaithe, áit a bhfuil sé ag glacadh páirte in imeachtaí éagsúla a bhaineann le Lá Fhéile Pádraig i Washington D.C. agus Nua-Eabhrac, dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan T.D., an méid seo a leanas: “Tá lúcháir orm go mbeidh deis ag diaspóra na hÉireann agus cairde na hÉireann ar fud an domhain an clár faisnéise tábhachtach seo a fheiceáil ar imeachtaí Sheachtain chinniúnach sin na Cásca agus an comhthéacs domhanda inar tharla Éirí Amach 1916. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le hOllscoil Notre Dame agus gach duine a bhí bainteach lena léiriú agus tá súil agam go gcabhróidh imeacht na hoíche anocht sa Cheoláras Náisiúnta ár dteaghlach domhanda Éireannach a tharraingt isteach sa chomóradh agus sa cheiliúradh ar an tréimhsé mhúnlaitheach sin i stair ár náisiúin.

Ag labhairt dó roimh an taispeántas, bhí an méid seo le rá ag Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Joe McHugh: “I mbliana, agus muid ag comóradh céad bliain ó tharla na himeachtaí ina raibh ról tábhachtach ag pobal na hÉireann thar lear, cuimhneoidh muid ar thionchar an diaspóra anseo in Éirinn, fiú sa lá atá inniu ann agus iad ag filleadh le smaointe agus léargais úra, agus thar lear, áit a gcuireann siad go mór leis na náisiúin ina bhfuil cónaí anois orthu, agus déanfaidh muid an tionchar sin a cheiliúradh.”

Dúirt an reacaire, Liam Neeson: “Is sraith thábhachtach clár faisnéise é 1916. Mar Éireannach, ar ndóigh, is cuid de mo stair féin é. Sa tsraith seo léirítear Éirí Amach na Cásca i gcomhthéacs idirnáisiúnta níos leithne ná mar a rinneadh riamh, agus taispeánann sé an tionchar a bhí aige ar ghluaiseachtaí cosúil leis ar fud an domhain. Ba é is mó a mheall mé ná go ndírítear sa tsraith ar scéalta pearsanta na ndaoine a bhí páirteach ann. Is scéalta daonna cumhachtacha iad.”

Is mar seo a labhair Bríona Nic Dhiarmada, Ollamh le Léann Éireannach in Ollscoil Notre Dame agus scríbhneoir agus léiritheoir ‘1916 The Irish Rebellion’: “Is ionann an clár faisnéise, an leabhar agus an dvd a théann leis agus an toradh ar chomhar an-torthúil idir Insititiúid Keogh-Naughton an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Notre Dame agus COCO Television. Bhí sé mar aidhm againn gnéithe idirnáisiúnta an Éirí Amach a chíoradh agus is onóir mhór dúinn é go dtaispeánfar é ní amháin in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe, ach ar chúig mhórchríoch le linn bhliain chomórtha seo an chéid.”