Foilsithe ar 

Tionscadal le haghaidh Stóir don Chartlann Náisiúnta

Táthar ar tí tús a chur leis an obair ullmhúcháin le haghaidh athfhorbairt ollmhór ar Chartlann Náisiúnta na hÉireann. Sa tionscadal seo, atá á mhaoiniú ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi Thionscadal Éireann 2040, forbrófar áiseanna nua stórála saintógtha ag foirgneamh na Cartlainne Náisiúnta ar Shráid an Easpaig.

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D.:

Agus sinn ag druidim le céad bliain ó scriosadh Oifig na dTaifead Poiblí ag na Ceithre Cúirteanna, is cuí go bhfuil infheistíocht á déanamh anois againn chun áis den chineál is nua-aimseartha a fhorbairt d’fhonn ár gcartlann náisiúnta a chosaint do na glúine atá le teacht.  Osclófar an Chartlann athfhorbartha i bhfad roimh chomóradh céad bliain an léirscrios sin.

D’oibrigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Chartlann Náisiúnta i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí chun athbhreithniú agus mionchoigeartú a dhéanamh ar dhearadh na háise a chun go bhfreastlófar ar riachtanais fhadtéarmacha na Cartlainne Náisiúnta sa suíomh tábhachtach atá aige i lár na cathrach. Déanfar athfhorbairt ar an bhfoirgneamh d’fhonn a áirithiú go stórálfar an chartlann i bhfoirgneamh a bheidh oiriúnach don fheidhm atá aige agus a mbeidh an acmhainn ann freisin tuilleadh áiseanna stórála a fhorbairt agus a thógáil de réir mar is gá sna blianta amach romhainn. I gclár infheistíochta an Rialtais: Infheistíocht inár gCultúr, inár dTeanga agus inár nOidhreacht tugadh figiúr táscach infhestíochta de €22m don Chartlann Náisiúnta faoin gclár.

Is í an Chartlann Náisiúnta an t-aon Fhoras Cultúrtha a bhfuil seirbhísí foirmeálta don Rialtas agus don phobal i gcoitinne araon aige.  Leis an infheistíocht seo rachfar i ngleic leis na deacrachtaí stórála a bhfuil an Chartlann Náisiúnta ag tabhairt aghaidh orthu le roinnt blianta anuas agus cinnteofar freisin go mbeidh an acmhainn inti glacadh leis na méideanna móra taifead a dhéantar agus a choimeádtar i Ranna agus oifigí Rialtais, agus iad a chaomhnú.  Tá uasghrádú á dhéanamh ar an trádstóras taobh leis an gCartlann Náisiúnta chun Stór Cartlainne a dhéanamh de mar chéad chéim i dtreo athchóiriú cuimsitheach a dhéanamh ar an gCartlann Náisiúnta.  Tá pleananna ann freisin chun áiseanna oideachais agus for-rochtanna a fhorbairt chun a áirithiú go gcaomhnaítear an taifead poiblí agus go gcuirtear ar fáil go díreach é, bíodh sin sa Seomra Léitheoireachta nó ar líne ar shuíomh gréasáin na Cartlainne Náisiúnta.

Mar chuid den tionscadal seo, ní mór an trádstóras a bhí in úsáid mar áis shealadach stórála a fholmhú chun gur féidir tabhairt faoi oibreacha cumasaithe agus tógála chun na daingin stórála nua don chartlann a fhorbairt.  Faoi láthair, is taifid a ndearnadh digitiú orthu cheana féin agus nach bhfuil ag teastáil le cur ar fáil ar bhonn laethúil sa seomra léitheoireachta atá á stóráil sa trádstóras, mar aon le bailiúcháin éagsúla taifead nach bhfuil cead ag an bpobal iad a scrúdú nó nach ndearnadh catalógú orthu go fóill. 

Is éard atá i gceist leis an gcéad ghné den tionscadal thart ar 95,000 bosca cartlainne a aistriú amach ón suíomh chun a chinntiú go leantar de bheith á gcaomhnú agus chun aon bhaol damáiste ó bheith á gcoimeád i gcóngar na n-oibreacha tógála a sheachaint.  Beidh gá an Chartlann Náisiúnta a dhúnadh don phobal don tseachtain ón 22 go dí an 26 Deireadh Fómhair, an dá lá sin san áireamh, chun cur ar chumas na foirne na hoibreacha ullmhúcháin don aistriú sin.

Dúirt John McDonough, Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta:

Is iontach agus dúshlánach an ré don Chartlann Náisiúnta í seo agus sinn i mbun ullmhúchán do na hoibreacha móra tógála a dhéanfar níos déanaí in 2019.  Ní mór dúinn an t-am seo a thógáil chun ábhair a ullmhú chun gur féidir iad a aistriú ó Shráid an Easpaig, chun gur féidir tús a chur leis an tionscadal tábhachtach seo chun áis chuí stórála a sholáthar agus chun a áirithiú go leanaimid orainn ag comhlíonadh an dualgas agus an chomaoin atá orainn an taifead poiblí a chaomhnú agus a chur ar fáil.  Tá súil againn go dtuigfidh ár léitheoirí an gá atá ann srian a chur lenár seirbhísí ar bhonn sealadach, agus go bhfuil an méid sin á dhéanamh againn chun gur féidir linn seirbhís níos fearr a chur ar fáil do chách.

 

Leanfar leis na hoibreacha ullmhúcháin don áis nua thar na míonna atá amach romhainn, agus tá sé beartaithe tús a chur leis an bpróiseas chun conraitheoirí a roghnú in 2019 agus tús a chur leis na hoibreacha féin níos déanaí an bhliain sin.