Foilsithe ar 

Trí Phlean Teanga eile ceadaithe faoi Acht na Gaeltachta, 2012

D'fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne, go bhfuil pleananna teanga i dtrí Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga. Tá plean teanga na Ceathrún Rua agus Chonamara Láir i nGaeltacht na Gaillimhe ceadaithe anois, in éineacht le plean teanga Ráth Chairn & Baile Ghib i gContae na Mí.

Is mar chuid de chur i bhfeidhm bearta 2.1 agus 2.3 den Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge atá sé seo á dhéanamh.

D’fhógair an tAire Stáit chomh maith go bhfuil allúntas bliantúil ar fiú suas le €100,000 á cheadú don Cheathrú Rua agus do Ráth Chairn & Baile Ghib. Tá suas le €150,000 á cheadú i gcás Conamara Láir, a chomhlíonann coinníollacha áirithe chun allúntas breise a fháil. Cuirfidh an maoiniú seo do ar chumas na gceanneagraíochtaí na trí Limistéar Pleanála Teanga seo a bpleananna teanga a chur i bhfeidhm, agus oifigeach pleanála teanga a fhostú dá limistéir.

Tá beirt oifigigh pleanála teanga fostaithe faoin bpróiseas go dtí seo i limistéir pleanála teanga i nDún na nGall agus dul chun cinn dhá dhéanamh ag na ceantair eile in ullmhúcháin chun tús a chur le cur i bhfeidhm a bpleananna. Faoi láthair, tá próiseas earcaíochta ar siúl i 4 limistéar pleanála teanga eile.

Leis na ceadúcháin seo, tá trí phlean déag san iomlán ceadaithe faoin bpróiseas anois, rud a fhágann go bhfuil plean ceadaithe i leith leath den 26 limistéir pleanála teanga go dtí seo. Léiríonn sé seo an dul chun cinn suntasach atá déanta faoin bpróiseas pleanála teanga ó ceadaíodh an chéad trí phlean i Meán Fómhair 2017.

Cuireadh soláthar €2.65m ar fáil don phleanáil teanga sa bhliain reatha agus tá allúntas €1.513m ón gciste sin ceadaithe d’Údarás na Gaeltachta chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú i mbliana.

Sa Cháinaisnéis a fógraíodh le déanaí, tugadh le fios go mbeidh ardú €600,000 ar an soláthar a bheidh ar fáil don phróiseas in 2019, rud a fhágann gur soláthar €3.25m in iomlán a bheidh ar fáil don phleanáil teanga in 2019.

Chomh maith leis an maoiniú a chur ar fáil d‘ullmhú agus do chur i bhfeidhm na bpleananna agus mar thacaíocht don phróiseas, cuirfidh an soláthar seo ar chumas na Roinne allúntas a chur ar fáil do raon beart ag leibhéal lárnach chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt don phróiseas sna réimsí a bhaineann le luathbhlianta, an teaghlach, na healaíona traidisiúnta agus an óige.

Dúirt an tAire Stáit Kyne:

Beidh Comharchumann Mhic Dara, Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Chonamara Láir agus Comharchumann Ráth Chairn in ann tús a chur anois le feidhmiú a bpleananna teanga a bheidh ar leas pobail na dtrí limistéar pleanála teanga. Ar nós na ceanneagraíochtaí pleanála teanga eile atá i mbun oibre faoi láthair, tá obair mhór déanta ag na ceanneagraíochtaí seo chun an staid seo den phróiseas a bhaint amach dóibh féin. Is cinnte go nguíonn muid gach rath orthu agus a bpleananna á gcur chun feidhme acu.