Foilsithe ar 

Tuarascálacha cúig bliana ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 foilsithe ag na Ranna Rialtais go léir

Chuir an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, T.D., fáilte inniu (11 Nollaig 2015) roimh fhoilsiú tuarascálacha cúig bliana ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ag na Ranna Rialtais go léir.

Dúirt an tAire Stáit: “Tá lúcháir orm go bhfuil na tuarascálacha seo ar chur i bhfeidhm na Straitéise ó 2010 go 2015 foilsithe inniu ag na Ranna Rialtais go léir, 16 acu san iomlán. Léiríonn na tuarascálacha seo an méid atá déanta faoin Straitéis le cúig bliana anuas. Níl aon dabht ach go bhfuil dúshraith mhaith anseo ar féidir tógáil air don tréimhse cúig bliana ó 2016 ar aghaidh.”

Foilsíodh na tuarascálacha agus díospóireacht oscailte ar pholasaí faoin Straitéis á reáchtáil ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Mar chuid den díospóireacht oscailte ar pholasaí, eagraíodh comhdháil i mBÁC an tseachtain seo agus eagraíodh cruinnithe Gaeltachta le cúpla seachtain anuas in Indreabhán, Co. na Gaillimhe, i gCill Airne, Co. Chiarraí agus i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.

Dúirt an tAire Stáit: “Ós rud é go bhfuil an Straitéis cúig bliana ar an fhód ag an tráth seo, tá sé tráthúil díospóireacht oscailte ar pholasaí faoin Straitéis a reáchtáil. Is í an aidhm atá leis an díospóireacht oscailte ná breathnú siar ar an méid atá déanta faoin Straitéis le cúig bliana anuas agus breathnú chun tosaigh ar na tosaíochtaí faoin Straitéis don tréimhse cúig bliana atá romhainn. Ag eascairt as an phróiseas comhairliúcháin atá ar siúl mar chuid den díospóireacht oscailte, beifear ag súil na príomhthosaíochtaí straitéiseacha don tréimhse cúig bliana ó 2016 ar aghaidh a aithint agus a fhoilsiú.”

Tá plépháipéar foilsithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ina ndírítear ar shaincheisteanna straitéiseacha ar leith chun fócas a thabhairt don phróiseas comhairliúcháin atá á reáchtáil mar chuid den díospóireacht oscailte ar pholasaí.

Chuir an tAire Stáit lena chuid cainte: “Ba mhaith liom tathant ar na páirtithe leasmhara uilig aighneachtaí a chur chuig mo Roinn faoin phlépháipéar faoin Aoine 18 Nollaig.”


Nótaí d’Eagarthóirí
Tá na tuarascálacha cúig bliana ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ag na Ranna Rialtais go léir ar fáil ag http://www.ahg.gov.ie/ga/gaeltacht/20-year-strategy-for-the-irish-language-2010-2030/implementation-of-the-strategy/.

Tá an plépháipéar faoin díospóireacht oscailte ar pholasaí faoin Straitéis ar fáil ag http://www.ahg.gov.ie/ga/gaeltacht/20-year-strategy-for-the-irish-language-2010-2030/open-policy-debate-on-the-20-year-strategy-for-the-irish-language-2010-2030/.