Foilsithe ar 

Tugann an tAire Madigan Cuairt ar an Músaem Náisiúnta Cló

Thug an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, cuairt ar an Músaem Náisiúnta Cló.

Cuireann an Músaem tuiscint níos fearr chun cinn ar shuntas stairiúil agus ar thábhacht chomhaimseartha na clódóireachta in Éirinn trí léargas a thabhairt ar an oidhreacht, ar an gceird agus ar an teicneolaíocht a bhaineann léi. Is baill de thionscal na clódóireachta a bhunaigh é agus osclaíodh go hoifigiúil é i séipéal garastúin Oifig na nOibreacha Poiblí i nDúnThor an Bhacaigh, Baile Átha Cliath 4, in 1996. Is ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ó na Boird Oideachais agus Oiliúna den chuid is mó a fhaigheann an Músaem maoiniú.
Is músaem ar leith é - níl a mhacasamhail le fáil in Éirinn. Trealamh clódóireachta litirphreasa den chuid is mó atá sa bhailiúchán. Is cineál clódóireachta rilífe é an litirphreas, a cheap Johannes Gutenberg in 1439. Tá sé ar cheann de na haireagáin is fearr a rinneadh riamh. Ba é an príomhmhodh clódóireachta a bhí i réim ar feadh 500 bliain sula ndeachaigh sé as feidhm, sa saol tráchtála, i lár an fichiú haois.

Ní taobh thiar de ghloine ná téad atá an príomhbhailiúchán. Sampla is ea é ina áit sin ar bhailiúchán atá ag feidhmiú. Trealamh clódóireachta litirphreasa atá ag obair go fóill atá sa bhailiúchán agus cuirtear i láthair agus leagtar amach é mar a bheadh siopa clódóireachta traidisiúnta sna 1960idí. Tá ról ríthábhachtach go fóill ag painéal na gclódóirí agus na gcló-eagraithe a bhunaigh an Músaem i dtaca le caomhnú an bhailiúcháin agus na ceirde. Dúshlán ollmhór is ea é a saineolas agus a scileanna a chaomhnú agus iad a thabhairt do ghlúine atá le teacht.

Mar chuid de Scéim na Músaem Áitiúil agus Réigiúnach 2018, maoiníonn an Roinn tionscadal ina ndéantar scannáin de na meaisín agus iad á bhfeidhmiú agus cuirtear na scannáin sin ar fáil do chuairteoirí ar an idirlíon agus ar an láthair féin. Trí Éire Ildánach, tugadh maoiniú le gairid don Mhúsaem chun mórthionscadal dar teideal Making our Impression a chur i gcrích. Cuireann an tionscadal tábhachtach oiliúna seo ar chumas daoine na scileanna a chur ar aghaidh ó ghlúin go glúin agus tá sé mar aidhm aige ceird an bhrúchló a chaomhnú. Chomh maith leis sin, tá an Músaem ag obair ar thionscadal Eorpach, Creative Makers ina ndéantar nuáil ar an litirphreas le teineolaíochtaí agus torthaí nua i fablab (saotharlann déantusaíochta) a bunaíodh sa Mhúsaem.

Tugtar léargas sna taispeántais shealadacha sa Mhúsaem ar thioncar na clódóireachta agus an ról tábhachtach a bhí aici sa stair. Léiríonn déantáin chlóite meon na tréimhse ina ndearnadh iad. Cuid shainiúil dár saol is ea an t-ábhar clóite agus baineann tábhacht ar leith le forbairt, rath agus oidhreacht shaibhir na clódóireachta in Éirinn i stair ceirde agus tionscail na tíre.

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Madigan maidir le misean an Mhúsaem chun tuiscint níos fearr a chothú maidir le suntas stairiúil na clódóireachta in Éirinn:

Dúirt an cealaitheoir ón 19 haois, Wendell Phillips, ‘B’ionann an tionchar a d’imir púdar gunna ar an gcogadh agus an tionchar a d’imir an clóphreas ar an intinn.” Ní sa saol clóite amháin a bhí an borradh faoin bhfoghlaim agus faoin gcruthaitheacht le feiceáil ach d’imir postaeir, an íocónagrafaíocht agus forbairt na ngrafaicí clóite tionchar domhain ar dhaoine i bhfios agus i ngan fhios dóibh freisin agus déantar céiliúradh ar an méid sin sa Mhúsaem Cló ar bhealach spéisiúil agus rannpháirteach.

Le linn a cuairte d’fhéach an tAire ar an taispeántas atá ar taispeáint ann faoi láthair, Print Protest and The Polls: The Irish women’s suffrage campaign and the power of print media, 1908-1918. Déantar comóradh sa taispeántas sin ar chéad bliain ó bhí vóta ag mná in Éirinn don chéad uair trí léargas a thabhairt ar an úsáid a bhain na feachtasóirí ar son ceart vótála do mhná in Éirinn, agus a lucht freasúra, as na meáin chlóite agus iad ag déanamh bolscaireachta agus agóide. Tá sé mar aidhm ag an taispeántas tréimhse a dtugtar neamhaird uirthi i stair na mban a thabhairt chun solais agus léargas a thabhairt ag an am céanna ar an nasc láidir idir an agóid chomhaimseartha pholaitíochta agus na meáin chlóite a bhí ag teacht chun cinn.

I measc na nithe atá ar taispeáint, tá earraí inbhailithe clóite, grianghraif, agus foilseacháin nuachtáin a thugann léargas ar an tionchar agus éifeacht a bhí ag agóid a rinneadh sna meáin chlóite i mblianta tosaigh na meán. Tugann sé léargas ar thábhacht an phróisis chlódóireachta sa troid ar son chearta vótála na mban in Éirinn, agus tá earraí inbhailithe clóite nár cuireadh ar taispeáint go poiblí riamh roimhe seo ann freisin. Is í Donna Gilligan, staraí cultúir ábhartha a dhéanann speisialtóireacht i dtaighde ar réada agus íomhánna a bhaineann leis an bhfeachtas ar son cheart vótála na mban in Éirinn, atá i mbun coimeádaíochta ar an taispeántas. Tá na hábhair ar iasacht ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus ó bhailiúcháin phríobháideacha. Níl aon táille isteach ar an taispeántas agus tá tacaíocht á tabhairt ina leith ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, ó Spera Brand Management, ó Smurft Kappa Ireland ó Vermillion agus ó Colorman.

Is cúis áthais don Mhúsaem a fhógairt go gcuirfear síneadh ama leis an taispeántas go lár mí na Samhna, agus ar an Aoine, 14 Meán Fómhair, reáchtálfar seimineár aon lae dar teideal Protest through Print: Women's suffrage and print media. Tugtar léargas sa taispeántas sin ar an úsáid a bhain na feachtasóirí ar son ceart vótála do mhná in Éirinn, agus a lucht freasúra, as na meáin chlóite agus iad ag déanamh bolscaireachta Tá urraíocht á tabhairt ag Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha don imeacht. Ní bheidh aon táille isteach chuige sin ach oiread, ach ní mór áit a chur in áirithe.

Sraith mhacasamhla: I gcomhar le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, tá macasamhail den phostaer tábhachtach seo maidir le ceart vótála na mban ón mbliain 1918 déanta ag an Músaem. Is postaer ó bhailiúchán Leabharlann Náisiúnta na hÉireann é agus déanfaidh an t-ealaíontóir grafaicí, Mary Plunkett, é a chló le litirphreas ar phreas Vandercook an Mhúsaem. Tá eagrán teoranta de 500 postaer den mhacasamhail chuimhneacháin seo le fáil sa siopa agus ar líne.

Tionscadal Freagartha: Fógraíonn an Músaem tionscal iontach i gcomhar le triúr de na príomhphearsaí sa litirphreas in Éirinn. Tugadh cuireadh do Dave Darcy ó One Strong Arm, Mary Plunkett ó The Belgrave Private Press agus Jamie Murphy ó The Salvage Press, chun freagra ar bhonn aonair a thabhairt ar théama an taispeántais atá le teacht agus léargas a thabhairt ar an tábhacht chomhaimseartha a bhaineann leis. Eagrán teoranta de 100 cóip atá i gceist le gach prionta - chun céad bliain ó fuair mná ceart vótála a chomóradh agus tá siad ar díol sa siopa agus ar líne.