Foilsithe ar 

Tús á chur le hoibreacha ceadaithe ag an Ard-Chúirt ag Uimh. 14-17 Sráid an Mhúraigh – an tAire Humphreys

Tá sé fógartha inniu (Dé Máirt) ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys, go gcuirfear tús amárach le clár gearr d’oibreacha a d’ordaigh an chúirt ar an Séadchomhartha Náisiúnta ag Uimhreacha 14-17 Sráid an Mhúraigh. Leis na hoibreacha, atá ceadaithe ag an Ard-Chúirt, cuideofar an Séadchomhartha Náisiúnta, atá faoi úinéireacht an Aire, a chosaint agus na foirgnimh a dhéanamh díonta ar an aimsir.

Cuirfear na hoibreacha i gcrích in dhá chéim:

· Céim a hAon: Bratach 1916 a bhaint anuas, aon athphointeáil riachtanach a dhéanamh ar aghaidh na bhfoirgneamh, agus folúis atá oscailte faoi láthair a líonadh le coincréit chun tacú le struchtúr na gceithre theach.
· Céim a Dó: (Táthar ag súil go gcuirfear tús leis seo tar éis laethanta saoire na bhfoirgneoirí) Na díonta uile a athnuachan go hiomlán, na huchtbhallaí tosaigh agus na simléir, a bhfuil drochbhail orthu, a atógáil le brící atá ann cheana agus oibreacha riachtanacha a chur i gcrích ar thaobh istigh na bhfoirgneamh, lena n-áirítear tacaí breise sealadacha agus cosaint d’éadach, feistis agus siúinéireacht bhunaidh.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:
"Fuair mo Roinn cead ón Ard-Chúirt na hoibreacha práinneacha riachtanacha seo, atá ceaptha le struchtúr na bhfoirgneamh ag Uimh. 14-17 Sráid an Mhúraigh a chobhsú agus iad a chosaint ón aimsir, a chur i gcrích. Tá sé i gceist na foirgnimh, atá an-sobhriste, a chosaint ó thuilleadh drochbhaile. Cuirfear tús leis an gcéad chéim amárach, agus táthar ag súil go dtosófar an dara chéim tar éis laethanta saoire na bhfoirgneoirí. Déanfaidh mo Roinn maoirseacht agus monatóireacht ar na hoibreacha go léir.”