Foilsithe ar 

An tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich ag an gcéad oíche de léiriú Amharclann an Gheata de Watt le Samuel Beckett

Beidh Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD, an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, i láthair ag an gcéad oíche de léiriú Amharclann an Gheata de Watt le Samuel Beckett sa Barbican Theatre i Londain Sasana ar an Déardaoin 28 Feabhra, 2013.

Tá an léiriú aonair seo le Barry McGovern á chur i láthair mar chuid de Nascann Cultúr, an clár cultúrtha a cheiliúrann Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Tionólfar tuairim is 400 imeachtaí sa tír seo agus ar fud na hEorpa le linn na hUachtaránachta.

Dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich: "Táim ag tnúth go mór leis an sáraisteoir Barry McGovern a fheiceáil i bpáirt Watt Is mór an moladh atá faighte ag an léiriú seo ó na criticeoirí agus é ar camchuairt idirnáisiúnta. Tá clú agus cáil tuillte ag Amharclann an Gheata ar fud na cruinne mar gheall ar an chur i láthair a dhéanann siad ar shaothar Beckett, agus tá togha scríbhneoireacht, amharclannaíocht, agus taibhiú na hÉireann le sonrú sa léiriú seo atá á stiúradh ag Tom Creed.

 

Díoladh amach an léiriú seo de Watt i bPerth na hAstráile le déanaí agus bhí sé ar camchuairt sna Stáit Aontaithe in 2011.

 

Casfaidh an tAire Mac Fhionnlaoich leis an bhfoireann léirithe ó Amharclann an Gheata agus ón Barbican Theatre i ndiaidh an dráma.

 

Léireofar an dráma san ionad mór le rá úd an Barbican Centre, mar a mbeidh sé le feiceáil sa Pit Theatre ón 26 Feabhra go dtí an 16 Márta 2013. Seo an ceathrú comhoibriú ag Amharclann an Gheata leis an Barbican; chuir siad dhá Fhéile Beckett i láthair ann in 1999 agus in 2006. Bhí páirt ag Barry McGovern sa dráma I’ll Go On sa Pit Theatre sa Barbican in 2000. Tá an Barbican ar cheann de na hionaid ildisciplíneacha is mó dá bhfuil san Eoraip, agus cuireann sé ardán ar fáil do lucht amharclannaíochta na hÉireann a gcuid saothair a chur os comhair an tsaoil mhóir i Londain.

 

Dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich: "Ní hionadh go bhfuil teist an chultúir ar Éirinn, is a rá go bhfuil léiriú den chéad scoth mar seo á thabhairt ar fud an domhain ag Amharclann an Gheata le blianta fada!"