Foilsithe ar
An Taoiseach le bualadh le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
Rachaidh an Taoiseach, Enda Kenny T.D., chuig an mBruiséil inniu (Déardaoin 13
Deireadh Fómhair 2011) le haghaidh cruinniú le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh,
an tUas. José Manuel Barroso, roimh chruinniú na Comhairle Eorpaí agus na gCeannairí
Stáit nó Rialtais de chuid limistéar an Euro an 23 Deireadh Fómhair.
Díreoidh na cainteanna ar an méid a chaithfear a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar
an ngéarchéim eacnamaíochta ar bhealach cuimsitheach, cothrom agus inchreidte, lena n-
áirítear teacht ar bhealach chun poist agus fás a chruthú.
CRÍOCH