Foilsithe ar 

An tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta á seoladh ag an Aire Stáit Joe McHugh ag an Dún, Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall

An 23 Lúnasa 2013—Bhí an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Joe McHugh T.D., ag an Dún i gCo. Dhún na nGall inniu leis an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta a sheoladh.

Tháinig an t-úinéir talún, Josie McHugh, in araicis an Aire McHugh, agus thaistil siad ar bhád trasna Loch an Dúin. Ar shroicheadh an oileáin dó, tugadh ar thuras ar fud an Dúin é faoi threoir Choiste Turasóireachta Cultúrtha Thor Mór, Ionad Dolmainí Chill Chluaine agus oibrithe deonacha ón cheantar.

Beidh an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta ar siúl ón Satharn, an 23 Lúnasa go dtí Dé Domhnaigh, an 31 Lúnasa 2014 mar chuid den tionscnamh Laethanta Oidhreachta na hEorpa, a thug Comhairle na hEorpa isteach sa bhliain 1991 le tacaíocht an Aontais Eorpaigh. Bhí Éire ar cheann de na chéad tíortha a ghlac páirt i Laethanta Oidhreachta na hEorpa agus i mbliana tá níos mó ná 50 tír le páirt a ghlacadh ann. Is é téama na bliana seo: 'Teaghlach - na glúnta ag foghlaim faoin oidhreacht le chéile.'

Agus é ag labhairt ag an ócáid, dúirt an tAire McHugh: "Is deis ar dóigh í an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta do theaghlaigh - óg agus aosta - chun teacht le chéile agus páirt a ghlacadh i raon leathan de ghníomhaíochtaí. Is í an ócáid is fearr í chun díriú ar an méid atá ar eolas ag daoine faoinár suíomhanna oidhreachta áitiúla ar nós 'An Dún' agus seoda luachmhara dá leithéid, agus an t-eolas sin a mhéadú. Tá súil agam go mbainfidh achan duine sult as an ócáid seo agus go n-aibhseoidh sí an obair a rinne na daoine uilig a raibh baint acu léi agus go méadófar feasacht ar oidhreacht thógtha agus nádúrtha faoi leith Dhún na nGall."

Is iad príomhaidhmeanna na Seachtaine Oidhreachta feasacht ar ár n-oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúrtha a fheabhsú agus a caomhnú a spreagadh ar an dóigh seo. Tá beagnach 100 ócáid ar siúl ar fud Co. Dhún na nGall.

CRÍOCH

Nótaí do na hEagarthóirí:

An Dún (Dún Uí Bhaoill) - Cur Síos ar an Séadchomhartha

Daingean ollmhór ubhchruthach de chloch shingil (le ballaí os cionn 4m ar airde).

Ceann de dhá shampla den scoth de Chaisil i nDún na nGall. Is é Grianán Ailigh ar Inis Eoghain an ceann eile (séadchomhartha náisiúnta faoi úinéireacht an stáit).

Tógadh é go luath sa mheánaois agus d'fhéadfaí go raibh sé in úsáid ar feadh na céadta bliain.

Chreid daoine go traidisiúnta gur tógadh an láthair mar dhaingean cosanta, ach

rinneadh an argóint chomh maith go bhféadfaí gur tógadh é le haghaidh searmanas.

Meastar gur ceann de 'Chaisil an Iarthair' in Éirinn é an Dún, ach níl sé san áireamh

mar cheann de 'Chaisil an Iarthair' ar an liosta sealadach le haghaidh Stádais bheartaithe Oidhreachta Domhanda. Níltear ag dréim le haon dul chun cinn go luath ar an iarratas ar stádas Oidhreachta Domhanda 'Chaisil an Iarthair'.