Tá Ard-Rúnaí na Roinne Airgeadais, an tUas. Kevin Cardiff, ainmnithe ina chomhalta
Éireannach nua de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ag an Rialtas inniu. Tiocfaidh an tUas.
Cardiff i gcomharbacht ar an Uas. Eoin O'Shea, a thabharfaidh a théarma oifige i gcrích i
mí Feabhra 2012.
Cuirfidh an Rialtas ainmniúchán an Uas. Cardiff in iúl do na húdaráis sa Bhruiséil inniu,
agus cuirfear tús ina dhiaidh sin le próiseas comhairliúcháin le Parlaimint na hEorpa.
Áireofar air sin éisteacht os comhair Choiste Rialaithe Bhuiséid na Parlaiminte san
Fhómhar. Rachaidh ainmniúchan an Uas. Cardiff roimh an gComhairle Eorpach ansin le
ceadú deiridh a fháil.
Bhéifí ag súil go dtosódh an tUas. Cardiff ar théarma sé bliana ansin, ag tosú i Márta
2012.
Nótaí chuig Eagarthóirí:
Is foras tábhachtach de chuid an AE í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, a bhfuil ról lárnach aici
maidir lena chinntiú go ndéantar bainistiú ceart ar chistí poiblí thar ceann shaoránaigh
an AE agus cáiníocóirí ar bhealach trédhearcach agus cuntasach. Ag tráth ina bhfuil brú
ar airgead poiblí ar fud na hEorpa, agus ina bhfuil tuilleadh iniúchta agus cuntasachta de
dhíth, tá ról thar a bheith suntasach le himirt ag an gCúirt Iniúchóirí.
Déanfaidh ainmní de chuid na hÉireann a chuidse maidir lena bheith rannpháirteach
i bhfeabhas a chur ar bhainistiú airgeadais an AE agus, mar chomhalta na Cúirte,
feidhmíonn sé mar chaomhnóir neamhspleách ar leasanna airgeadais shaoránaigh an
Aontais, leasanna airgeadais shaoránaigh na hÉireann ina measc.
Déanann an Chúirt iniúchtaí ó lá go lá le measúnú a dhéanamh ar bhailiú agus ar
chaitheamh airgead AE. Scrúdaíonn sí cibé an ndearnadh taifeadadh agus nochtadh
ceart, cur i gcrích dlíthiúil agus rialta, agus bainistiú, ar oibríochtaí airgeadais, chun
barainneacht, éifeachtúlacht agus éifeachtacht a chinntiú.
Cuireann an Chúirt cuntasacht agus trédhearcacht chun cinn trí chabhrú le Parlaimint
na hEorpa agus leis an gComhairle Eorpach maoirsiú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm
bhuiséad an AE, go háirithe i rith an nós imeachta forghníomhaithe, agus tugann luach
breise do bhainstiú airgeadais an AE.
Críoch